bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
1 Peter 3
1 Peter 3
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Mar an gcéanna libh-se, a mhná, bígí umhal do bhur bhfir chéile, i dtreo má tá cuid acu gan géilleadh don bhriathar, go ndéanfar iad a ghnóthú gan bhriathar trí iompar a gcuid ban,
2
nuair a gheobhaidh siad radharc ar bhur n-iompar urramach geanmnaí.
3
Nárab í an mhaise lasmuigh le fí foilt, le caitheamh ornáidí óir agus éidí galánta, bhur gcúram,
4
ach an duine folaithe sa chroí istigh le seoid dhothruaillithe na meanman cneasta caoine, rud atá sárluachmhar i bhfianaise Dé.
5
Na mná naofa fadó, iad-san a chuir a muinín i nDia, is mar sin a mhaisídís iad féin agus iad umhal dá gcuid fear.
6
Sin mar a bhí ag Sárá a bhí umhal dʼAbrahám ar ar thug sí tiarna. Is dá sliocht sibh-se nuair a chleachtann sibh na dea-oibreacha, gan scáth gan eagla.
7
Mar an gcéanna libh-se, a fheara, déanaigí aontíos le bhur mná de réir na tuisceana Críostaí, agus bíodh urraim agaibh dóibh mar, cé gurb iad is laige ó nádúr, is leo atá sibh mar chomhoidhrí ar ghrásta na beatha ionas nach mbeidh aon bhac ar bhur n-urnaithe.
8
Mar fhocal scoir, bígí uile ar aon intinn, agus bíodh comhbhá agaibh le chéile, agus grá agaibh do na bráithre; bíodh trócaire in bhur gcroí agus uirísle in bhur meon.
9
Ná díolaigí olc ar olc, ná achasán ar achasán; ach a mhalairt, tugaigí beannacht; mar is chuige sin a glaodh oraibh, le go mba bheannacht a bheadh mar oidhreacht agaibh.
10
“An té ar mian leis an bheatha a shantú agus fad saoil faoi shéan a bheith aige, coinníodh sé a theanga ón olc, agus a bhéal ó bhriathra éithigh.
11
Casadh sé ón olc agus déanadh an mhaith; lorgadh sé an tsíocháin agus téadh sé ar a tóir.
12
Óir tá súile an Tiarna ar na fíréin, agus tugann sé cluas dá n-impí. Ach tugann an Tiarna aghaidh ar lucht déanta olc.
13
Agus cé a dhéanfaidh díobháil daoibh má tá cíocras oraibh chun na maitheasa?
14
Ach fiú má fhulaingíonn sibh ar son na fíréantachta, is méanar daoibh. Ná bíodh faitíos ná critheagla oraibh rompu.
15
Bíodh urraim in bhur gcroí istigh agaibh do Chríost mar Thiarna. Bígí réidh i gcónaí le cosaint a dhéanamh in aghaidh aon duine a iarrann oraibh bonn a thabhairt leis an dóchas atá ionaibh; ach déanaigí amhlaidh le cneastacht agus le hurraim,
16
agus le coinsias glan, i dtreo, nuair a dhéantar tromaíocht oraibh go gcuirtear náire ar an muintir a dhéanann béadán ar bhur ndea-iompar i gCríost.
17
Óir nach fearr fulaingt de chionn na maitheasa, más é toil Dé é, ná de chionn an oilc?
18
Óir fuair Críost bás an t-aon uair amháin i ngeall ar pheacaí, an fíréan thar ceann na neamhfhíréan, dʼfhonn sinn a thabhairt i láthair Dé. Básaíodh é sa cholainn, ach rinneadh beo é sa spiorad
19
agus sa riocht sin chuaigh sé agus thug seanmóir do na spioraid a bhí i gcarcair,
20
iad siúd a bhí easumhal fadó nuair a bhí Dia ag feitheamh go foighneach leo le linn Naoi nuair a bhí an áirc dá tógáil, an áirc a thug slán tríd an uisce an beagán slua, is é sin, ochtar ar fad.
21
An baisteadh anois atá ag freagairt dó sin, anois, mar shamhail. Déanann sé sibh-se a shlánú anois, agus ní mar ghlanadh salachair choirp é, ach mar impí chun Dé ar son coinsiasa ghlain trí aiséirí Íosa Críost.
22
Chuaigh seisean suas ar neamh agus tá ar dheaslámh Dé agus aingil agus tiarnais agus cumhachtaí ag géilleadh dó.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5