bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
1 Peter 5
1 Peter 5
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
1
Impím ar na seanóirí in bhur measc, agus is comhsheanóir libh mise agus finné ar pháis Chríost, agus táim páirteach libh sa ghlóir atá le foilsiú.
2
Déanaigí tréad Dé atá faoi bhur gcúram a aoireacht; ná tugaigí aire dó le foréigean ach le fonn, mar is toil le Dia, ná le dúil tháir san airgead ach le dúthracht,
3
ná ag tiarnú orthu siúd atá faoi bhur gcúram ach in bhur samplaí don tréad.
4
Ansin nuair a fhoilseofar an tArdaoire tabharfar daoibh coróin mharthanach na glóire.
5
Mar an gcéanna libh-se is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”
6
Umhlaígí sibh féin dá bhrí sin faoi lámh chumhachtach Dé ionas go n-ardóidh sé sibh i dtráth.
7
Caithigí bhur gcúram go léir suas air, óir tugann sé aire daoibh.
8
Bígí measartha agus déanaigí faire, mar tá bhur n-áibhirseoir, an diabhal, ag gabháil timpeall mar a bheadh leon ag búiríl ar thóir duine éigin le slogadh.
9
Seasaigí an fód ina aghaidh agus sibh daingean sa chreideamh, agus a fhios agaibh go bhfuil sé i ndán do bhur mbráithre ar fud an domhain na nithe céanna a fhulaingt.
10
Ansin, Dia na ngrást uile a ghlaoigh oraibh chun a ghlóire féin i gCríost, nuair a bheidh an beagán fulaingthe agaibh, déanfaidh sé sibh a ath-nuachan, a dhaingniú, a neartú, agus bonn a chuir fúibh.
11
Glóir agus réimeas dó le saol na saol. Áiméan.
12
Tá scríofa agam chugaibh i mbeagán focal le cabhair Shilveánas, bráthair dílis, dar liom, dá thathant oraibh agus dá áiteamh oraibh gurb é seo fíorghrásta Dé; cloígí leis.
13
Í siúd atá sa Bhablóin, agus a toghadh faoi mar a toghadh sibh-se, beannaíonn sí daoibh, rud a dhéanann Marcas mo mhac chomh maith.
14
Beannaígí dá chéile le póg an ghrá. Síocháin daoibh uile atá i gCríost.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
All chapters:
1
2
3
4
5