bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
1 Thessalonians 2
1 Thessalonians 2
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
Tá a fhios agaibh féin, a bhráithre, nárbh aon turas in aistear ár gcuairt oraibh.
2
Bhí droch-íde agus tarcaisne faighte i bhFilipe againn roimhe sin, mar is eol daoibh, ach fuaireamar de mhisneach ó Dhia a dhea-scéal a fhógairt daoibhse dʼainneoin freasúra láidir.
3
Ní mearbhall aigne ná drochintinn a bhí dár spreagadh ná ní ag iarraidh daoine a mhealladh a bhíomar;
4
ach de bhrí gurbh fhiú le Dia sinn a dhea-scéal a chur inár gcúram, craolaimid é dá réir, ní dʼfhonn daoine a shásamh ach dʼfhonn Dia a shásamh, mar is eisean a phromhann ár n-intinn.
5
Agus mar is eol daoibh féin, ní dhearnamar plámás libh riamh,
6
agus tá a fhios ag Dia nach ar scáth na sainte a bhíomar ag obair ná ag lorg molta ó dhaoine, uaibh-se ná eile,
7
cé go bhféadfaimis a bheith teann oraibh mar thoscairí ó Chríost. Ach bhíomar chomh séimh, fad a bhíomar in bhur measc, le banaltra ag muirniú a páistí.
8
Bhíomar chomh ceanúil sin oraibh go rabhamar sásta ní hamháin an dea-scéal a roinnt oraibh ach ár n-anam féin a roinnt oraibh chomh maith, agus a ansa linn a bhí sibh.
9
Is cuimhin libh, a bhráithre, an saothar agus an sclábhaíocht a rinneamar; mar a bhímis ag obair de lá is dʼoíche ar eagla go mbeimis inár muirín ar dhuine ar bith agaibh le linn dúinn dea-scéal Dé a chraobhscaoileadh daoibh.
10
Tá a fhianaise oraibh féin agus ar Dhia go rabhamar ionraic macánta neamhurchóideach libh-se, a bhfuil an creideamh agaibh.
11
Mar is eol daoibh, bhíomar le gach duine agaibh mar bheadh athair lena pháistí,
12
do bhur spreagadh agus do bhur misniú, agus ag agairt oraibh bhur saol a thabhairt mar is dual de réir Dé atá ag glaoch oraibh isteach ina Ríocht ghlórmhar féin.
13
Agus tá cúis eile againn le bheith ag gabháil buíochais gan staonadh le Dia: de bhrí, nuair a ghlac sibh le briathar Dé a chuala sibh uainn, nach mar theachtaireacht dhaonna a ghlac sibh é ach mar bhriathar Dé, agus sin é go díreach an rud atá ann dáiríre, mar is é Dia atá ag obair ionaibhse a bhfuil an creideamh agaibh.
14
Tá sibh-se, a bhráithre, ag leanúint lorg eaglaisí Dé atá in Íosa Críost ar fud Iúdáia; mar tá an íde chéanna faighte agaibh-se ó bhur gcomhthírigh agus a fuair siad-san ó na Giúdaigh,
15
ón mbuíon chéanna a dʼimir bás ar an Tiarna Íosa agus ar na fáithe agus a rinne géar-leanúint orainne. Níl Dia buíoch díobh, áfach, agus is naimhde iad don chine daonna,
16
mar go bhfuil siad ag cur baic orainne labhairt leis na gintlithe dʼfhonn is go slánofaí iad. Sa tslí sin tá siad ag cur bairr ar a bhfuil de pheacaí déanta acu riamh anall; ach tá fearg Dé tagtha suas leo faoi dheireadh.
17
Maidir linn féin, a bhráithre, ní rabhamar scartha libh ach tamall beag aimsire–as raon ár súl a bhí sibh ach ní as raon ar gcroí–nuair a tháinig dúil rómhór orainn bhur ngnúis a fheiceáil arís.
18
Bhí fonn orainn teacht chugaibh–ba mhian liom-sa, Pól, teacht chugaibh arís agus arís eile–ach choisc Sátan orainn é.
19
Tar éis an tsaoil, cén t-ábhar dóchais agus áthais atá againn ach sibh-se? Cén chraobh a bheidh againn le maíomh aisti os comhair an Tiarna Íosa Críost, nuair a thiocfaidh sé, ach sibh-se?
20
Is ea, is sibh-se, go deimhin údar ár mórtais agus ár lúcháire.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5