bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
1 Thessalonians 3
1 Thessalonians 3
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
1
Dá chionn sin nuair nár fhéadamar é a sheasamh a thuilleadh, shocraíomar go bhfágfaí sinn féin inár n-aonar san Aithin,
2
agus sheolamar chugaibhse ar mbráthair Tiomóid, fear atá ina chúntóir ag Dia i bhfógairt dhea-scéal Chríost. Sheolamar chugaibh é chun sibh a dhaingniú agus a neartú in bhur gcreideamh,
3
ar shlí nach suaithfí aon duine agaibh le trioblóidí na huaire. Tá a fhios agaibh féin gurb é seo an rud atá ceaptha dúinn.
4
Dúramar libh cheana, fad a bhíomar in bhur measc, go raibh ciapadh i ndán dúinn; rud a tharla mar is eol daoibh.
5
Sin é an fáth nár fhéad mé é a sheasamh a thuilleadh agus ar chuir mé teachtaire ag triall oraibh ag cur thuairisc bhur gcreidimh ar eagla go mbeadh an cathaitheoir tar éis an cathú a chur oraibh agus go mbeadh ár saothar in aisce againn.
6
Nuair a tháinig Tiomóid ar ais chugainn uaibh anois beag, áfach, is é an scéal maith a bhí aige dúinn ar bhur gcreideamh agus ar bhur ngrá. Dʼinis sé dúinn go mbíonn sibh ag cuimhneamh go ceanúil orainn i gcónaí agus go bhfuil sibh chomh mór ag tnúth lenár bhfeiceáil agus atáimidne libh-se.
7
Mar sin de, a bhráithre, ba mhór an tógáil chroí dúinn bhur gcreideamhsa i lár ár gcuid angair agus ár gcuid anacra,
8
mar gur beo dúinne anois nuair atá sibh-se ag seasamh an fhóid go daingean sa Tiarna.
9
Cén buíochas is féidir dúinn a ghabháil le Dia as a bhfuil de lúcháir curtha orainn agaibh os comhair ár nDé?
10
Bímid dá ghuí go dúthrachtach de lá is dʼoíche go bhfeicfimid bhur ngnúis arís agus, cibé bearna atá ar bhur gcreideamh, go líonfaimid í.
11
Go ndéana Dia, ár nAthair, agus Íosa ár dTiarna, ar mbóthar chugaibh a réiteach dúinn.
12
Agus go ndéana an Tiarna bhur ngrá dá chéile agus do chách eile a mhéadú go fras nó go mbeidh sé ar aon chéim leis an ngrá atá againne daoibh.
13
Agus go ndaingní sé bhur gcroíthe sa naofacht sa tslí go mbeidh siad gan cháim os comhair Dé, ár nAthair, ar theacht dár dTiarna Íosa agus a chuid naomh in éineacht leis.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5