bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
1 Timothy 1
1 Timothy 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
1
Mise Pól, aspal Chríost Íosa ar ordú ó Dhia ár Slánaitheoir agus ó Chríost Íosa, ár ndóchas.
2
Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia, an tAthair, agus ónár dTiarna Íosa Críost ar Thiomóid mo mhac dílis sa chreideamh.
3
Faoi mar a dʼiarr mé ort cheana agus mé ag cur chun bóthair go dtí an Mhacadóin, iarraim arís ort fanacht in Eifeasas go fóill chun a fhógairt ar dhaoine áirithe ann gan a bheith ag tabhairt saobhtheagaisc uathu,
4
agus gan a bheith tugtha dʼfhabhalscéalta agus do ghinealaigh gan teorainn, mar gur nithe iad sin a chothaíonn conspóidí in ionad beartas Dé a chur chun cinn, beartas atá bunaithe ar chreideamh.
5
Níl de chuspóir ag an bhfoláireamh seo ach an grá a mhúscailt a thagann as an gcroí glan, as an gcoinsias maith agus as an gcreideamh gan chluain.
6
Tá daoine ann a chlaon ó na nithe sin agus a dʼiompaigh ar an mbaothchaint;
7
is áil leo a bheith ina saineolaithe ar an dlí ach iad gan aon tuiscint acu ar a mbíonn siad a rá ná ar na tuairimí a mbíonn siad chomh teann ina dtaobh.
8
Tá a fhios againn gur rud fónta an dlí, an té a bhainfeadh feidhm dhleathach as
9
agus a thuigfeadh nach don duine fíréanta a dhéantar dlí ach do choirpigh agus do dhaoine ainrialta, mʼéagráifigh agus do pheacaigh, do mhallaitheoirí agus do lucht an oilc, do lucht fionaíola athar is máthar agus do dhúnmharfóirí,
10
do lucht drúise agus lucht sodamachta agus lucht fuadaigh, do lucht na mbréag agus na mionn éithigh–dóibh sin uile a dhéanann aon ní eile bunoscionn le teagasc folláin
11
atá de réir an dea-scéil ghlórmhair úd ón Dia beannaithe a fágadh faoi mo chúramsa.
12
Gabhaim buíochas lenár dTiarna Íosa Críost a thug mo chumas dom, de bhrí go raibh a oiread iontaoibhe aige asam agus gur cheap sé mé i mo sheirbhíseach dó,
13
cé go mbínn dá mhaslú agus dá ghéarleanúint agus ag tabhairt easmailte dó roimhe sin. Ach rinne sé trócaire orm toisc gur le corp aineolais agus dí-chreidimh a rinne mé amhlaidh.
14
Tháinig rabharta de ghrásta ár dTiarna chugam agus den chreideamh agus den ghrá atá i gCríost Íosa.
15
Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é gur tháinig Críost Íosa ar an saol chun peacaigh a shlánú. Táim féin ar an bpeacach is mó orthu,
16
agus is é fáth a ndearnadh trócaire orm-sa, an peacach is mó, chun go dtaispeánfadh Íosa Críost a fhoighne gan teorainn i mo chás-sa ar dtús agus go mbeinn i mʼeiseamláir dóibh sin a chreidfeadh ann ar ball agus a bhainfeadh amach an bheatha shíoraí.
17
Moladh agus glóir do Rí na n-aoiseanna, don aon Dia dofheicthe síoraí, trí shaol na saol. Áiméan.
18
Táim ag tabhairt an fholáirimh seo duit, a Thiomóid, a mhic, foláireamh atá ag teacht leis an bhfaisnéis a thug na fáithe ort fadó, le hionchas go gcuirfidh tú an cath go cróga dá réir sin.
19
Coinnigh an creideamh agus an coinsias glan agat. Mar tá daoine ann a thug cúl lena gcoinsias agus a chuir a gcreideamh ó rath.
20
Orthusan tá Himinéas agus Alastar, beirt atá tugtha suas do Shátan agam le súil go múinfear gan Dia a aithisiú dóibh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
Recommended Reading
Commentary
1 Timothy Commentaries
→
Devotional
1 Timothy Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm ) Study Bible
→