bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
1 Timothy 4
1 Timothy 4
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
1
Deir an Spiorad go dearfa go dtréigfidh daoine áirithe an creideamh sna haimsirí deiridh mar go dtabharfaidh siad aird ar na spioraid bhréagacha agus ar an teagasc a thagann ó na deamhain.
2
Meallfar iad le cur i gcéill luchta éithigh, daoine a bhfuil a gcoinsias mar a bheadh sé brandáilte leis an iarann dearg.
3
Coisceann siad daoine ar phósadh agus ar bhianna áirithe a ithe, cé gur chruthaigh Dia na bianna sin don mhuintir a chreideann ann agus a chuir eolas ar an bhfírinne chun go gcaithfidís iad go buíoch.
4
Mar is maith gach ní dar chruthaigh Dia agus ní ceart diúltú do rud ar bith má ghlactar leis go buíoch
5
mar go ndéanann briathar Dé agus an urnaí rud naofa de.
6
Má chuireann tú na treoracha sin os comhair na mbráithre, beidh tú i do sheirbhíseach fónta ag Íosa Críost, mar go mbeidh tú do do chothú ar bhriathra an chreidimh agus an teagaisc fholláin atá leanta agat.
7
Ach seachain finscéalta baotha úd na gcailleach. Aclaigh thú féin chun saol cráifeach a thabhairt.
8
Is beag an tairbhe an aclaíocht choirp, ach is mór go deo an tairbhe an chráifeacht, mar go bhfuil tuar na beatha inti abhus agus thall.
9
Is barántúil agus is iontaofa go hiomlán an ráiteas é sin.
10
Mar is é fáth a bhfuilimid ag obair agus ag coimhlint, de bhrí go bhfuil ár ndóchas againn as Dia beo, an té atá ina shlánaitheoir ar chách uile agus go háirithe ar an muintir a bhfuil an creideamh acu.
11
Lean ort ag fógairt agus ag teagasc na nithe sin.
12
Ná lig dʼaon duine tú a dhíspeagadh mar gheall ar dʼóige ach bí i dʼeiseamláir do na creidmhigh ar chaint agus ar iompar, ar ghrá agus ar chreideamh agus ar naofacht.
13
Tabhair aire don léitheoireacht phoiblí, don tseanmóireacht agus don teagasc go dtí go dtiocfaidh mé.
14
Ná déan faillí sa tíolacadh atá agat, an tíolacadh a bronnadh ort nuair a labhair na fáithe leat agus nuair a leag na seanóirí a lámha ort.
15
Caith do dhúthracht leis na nithe sin agus bí ag gabháil dóibh chun gur léir do chách an dul chun cinn atá dá dhéanamh agat.
16
Tabhair aire duit féin agus do do theagasc. Lean den obair, mar má dhéanann tú amhlaidh, sábhálfaidh tú thú féin agus do lucht éisteachta.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6