bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
2 Timothy 1
2 Timothy 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Mise Pól, aspal Chríost Íosa de thoil Dé, de réir ghealltanas na beatha atá againn i gCríost Íosa.
2
Guím grásta agus trócaire agus síocháin ó Dhia, an tAthair agus ónár dTiarna Críost Íosa ar mo mhac muirneach Tiomóid.
3
Gabhaim buíochas le Dia, a bhfuilim ag seirbhís dó le coinsias glan mar a dhéanadh mo shinsir romham, gach uair dá gcuimhním ort i mʼurnaithe, rud a dhéanaim de lá agus dʼoíche.
4
Agus nuair a chuimhním ar na deora a shil tú is fada liom go bhfeicfidh mé thú go líonfar mo chroí le háthas.
5
Cuimhním freisin ar an gcreideamh glan sin agat. An creideamh úd a bhí ag do sheanmháthair Lóis romhat agus ag do mháthair Eoinícé, táim cinnte go bhfuil sé agat-sa chomh maith.
6
Sin é an fáth a bhfuilim dá chur i gcuimhne duit tabhartas Dé a athmhúscailt, an tabhartas úd a fuair tú nuair a chuir mise mo lámha ort.
7
An spiorad a thug Dia dúinn ní hé spiorad na meatachta é ach spiorad na fearúlachta agus an ghrá agus an fhéinsmachta.
8
Ná bíodh aon náire ort, dá bhrí sin, fianaise a thabhairt ar ár dTiarna agus ná bíodh aon náire ort fúmsa atá i mo phríosúnach ar a shon. Ní hea, ach fulaing-se cruatan liom ar son an dea-scéil as ucht an chumais atá faighte agat ó Dhia.
9
Mar is é Dia a shlánaigh sinn agus a ghlaoigh orainn le naomh-ghlao, agus ní de bharr aon ní dá ndearnamarna é ach de bharr a thola agus a ghrásta féin. Bhí an grásta seo tugtha dúinn i gCríost Íosa ó thús aimsire
10
ach is anois beag a foilsíodh é trí thaibhsiú ar slánaitheora Críost Íosa. Chuir seisean an bás ar neamhní agus thug chun solais an bheatha agus an neamh-bhásmhaireacht trí bhíthin an dea-scéil.
11
Agus táim-se ceaptha i mʼfhógróir agus i mʼaspal agus i mo theagascóir ar an dea-scéal sin.
12
Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a dʼfhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.
13
An teagasc folláin a chuala tú uaim-se, coimeád agat mar threoir é agus lean den chreideamh agus den ghrá atá agat i gCríost Íosa.
14
An taisce luachmhar atá faoi do chúram, cosain í le cabhair an Spioraid Naoimh a chónaíonn ionainn.
15
Tá a fhios agat é seo, gur thréig a bhfuil san Áise mé, agus Figealas agus Hearmagainéas san áireamh.
16
Go ndéana an Tiarna trócaire ar theaghlach Onaesafóras, mar is minic a chuir sé misneach ionam, agus in ionad aon náire a bheith air faoi mé a bheith i bpríosún,
17
is amhlaidh nuair a bhí sé sa Róimh, a chuaigh sé ar mo lorg go dícheallach nó gur aimsigh sé mé.
18
Is ea, go ndeonaí an Tiarna go bhfaighidh sé trócaire ón Tiarna an lá úd–agus is fearr a fhios agat-sa ná agam féin méid an fhreastail a rinne sé orm in Eifeasas.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4