bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
2 Timothy 3
2 Timothy 3
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
1
Bíodh a fhios seo agat: go bhfuil saol guaisiúil i ndán sna laethanta deireanacha.
2
Beidh na daoine leithleasach, santach, maíteach, uaibhreach agus maslach; beidh siad easumhal dá dtuismitheoirí, díomaíoch agus mínaofa.
3
Beidh siad fuarchroíoch, mí-dhílis, béadánach, gan smacht ná riail orthu agus gan grá acu don mhaith.
4
Beidh siad fealltach, meargánta agus iad lán díobh féin agus gur fearr leo an pléisiúr ná Dia.
5
Beidh comharthaí sóirt na cráifeachta acu, ach go mbeidh a brí séanta acu. Seachain-se a leithéidí.
6
Tá daoine orthu a shleamhnaíonn isteach i dtithe agus a chuireann cluain ar óinseacha ban a bhfuil ualach peacaí orthu agus iad mearaithe ag mianta éagsúla,
7
mná a bhíonn ag lorg eolais de shíor ach gan é ar a gcumas eolas a fháil ar an bhfírinne choíche.
8
Faoi mar a chuir Iannaes agus Iambraes in aghaidh Mhaois fadó, bíonn na daoine seo ag cur in aghaidh na fírinne ar an gcuma chéanna, de bhrí go bhfuil a n-aigne truaillithe agus a gcreideamh gan bhrí.
9
Ní rachaidh siad níos faide, áfach, mar go mbeidh a gcuid baoise follasach do chách, dála na beirte úd.
10
I dtaca leat-sa de, tá eolas maith curtha agat ar mo theagasc-sa, ar mo bhéasa, agus ar mo chuspóirí. Tá eolas curtha agat ar mo chreideamh, ar mʼfhoighne, agus ar mo ghrá.
11
Tá eolas curtha agat ar mo ghéarleanúintí agus ar mʼangair, mar a mʼéirigh dom in Aintíoch agus in Iocóiniam agus i Liostra agus ar ghabh mé tríothu de ghéarleanúintí. Ach thug an Tiarna slán mé uathu uile.
12
Gach duine arb áil leis maireachtáil go diaganta i gCríost Íosa, déanfar géar-leanúint air mar an gcéanna.
13
Ach is in olcas a rachaidh na drochdhaoine agus na mealltóirí–daoine atá ag dul amú iad féin agus ag cur daoine eile amú.
14
Cloígh-se, áfach, leis an teagasc a fuair tú, teagasc a bhfuil tú suite go daingean de. Tuigeann tú cé uaidh a bhfuair tú an teagasc sin,
15
agus tuigeann tú chomh maith go raibh eolas agat ó aois na hóige ar na scríbhinní naofa a bhfuil de chumas acu tú a dhéanamh eagnaí agus tú a sheoladh chun do shlánaithe trí chreideamh i gCríost Íosa.
16
Gach cuid den scrioptúr, tá tinfeadh Dé faoi agus tá tairbhe ann chun teagasc a thabhairt, chun earráidí a bhréagnú, chun daoine a cheartú agus iad a mhúineadh chun fíréantachta
17
ar shlí go mbeadh óglach le Dia lánoilte ar a cheird agus ullamh i gcomhair gach cineál dea-oibre.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4