bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Colossians 1
Colossians 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid–
2
guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColasae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair.
3
Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh,
4
mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile
5
toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo den chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal
6
a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toraidh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige dá dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.
7
Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábhaí ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne;
8
agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid.
9
Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, dá iarraidh go líonfaí sibh dʼeolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,
10
ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n-eolas ar Dhia;
11
go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní
12
agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas
13
agus a dʼfhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus dʼaistrigh isteach sinn i Ríocht a mhic mhuirnigh.
14
Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.
15
Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céad-ghin gach dúile cruthaithe
16
mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí. Is trídsean agus dó-san a cruthaíodh an t-iomlán.
17
Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad.
18
Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise. Is é an tús é, an chéad-ghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
19
Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
20
agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.
21
Tráth dá raibh, bhí sibh-se féin in earraid le Dia agus naimhdeach dó in bhur n-aigne, de dheasca bhur ndroch-ghníomhartha;
22
ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí dʼfhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.
23
Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilim-se, Pól, i mo mhaor air.
24
Is cúis áthais dom-sa a bhfuil dá fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táim-se dá dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.
25
Rinneadh maor ar an Eaglais díom-sa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé a fhógairt ina iomláine:
26
an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglúine, ach atá nochta anois dá phobal naofa.
27
Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibh-sean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh.
28
Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, dʼfhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.
29
Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
Recommended Reading
Commentary
Colossians Commentaries
→
Devotional
Colossians Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm ) Study Bible
→