bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Colossians 2
Colossians 2
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
1
Ba mhaith liom go dtuigfeadh sibh a dhéine a bhím ag coimhlint ar bhur son agus ar son mhuintir Láódacáia agus ar son an dreama nár leag riamh súil orm.
2
Is é atá uaim, go mbeadh misneach ar a gcroí, go mbeidís nasctha dá chéile le grá agus go dtiocfaidís chun barr cinnteachta agus tuisceana ionas go gcuirfidís eolas ar rúndiamhair Dé,
3
is é sin, ar Chríost a bhfuil stór uile na heagna agus an eolais i bhfolach ann.
4
Táim dá rá sin libh le heagla go gcuirfeadh duine éigin an dubh ina gheal oraibh le hargóintí mealltacha.
5
Mar, más ea féin go bhfuilim i bhfad uaibh i bpearsa, táim faraibh sa spiorad, agus is cúis áthais dom sibh a fheiceáil in ord agus in eagar, agus a dhaingne atá bhur gcreideamh i gCríost.
6
Mar sin de, ós rud é go bhfuil glactha agaibh le hÍosa Críost mar Thiarna, tugaigí bhur saol i bpáirt leis.
7
Bígí préamhaithe ann agus bunaithe air agus daingean sa chreideamh faoi mar a múineadh daoibh é, agus bígí lán de bhuíochas.
8
Bígí aireach, áfach, le heagla go mbuailfeadh aon duine bob oraibh leis an bhfealsúnacht bhaoth mhealltach úd a leanann traidisiúin dhaonna agus atá bunaithe ar phrionsabail an tsaoil in áit a bheith bunaithe ar Chríost.
9
Mar is i gCríost atá iomláine Dé ina chónaí go corpartha
10
agus tá sibh-se tagtha chun iomláine ann. Is é ceann gach tiarnais agus údaráis é.
11
Is ann freisin a timpeall-ghearradh sibh-se ach ní leis an timpeall-ghearradh a rinneadh le lámh an duine é ach le timpeall-ghearradh Chríost, trínar baineadh an nádúr collaí anuas díbh.
12
Comhadhlacadh sibh in éineacht leis sa bhaisteadh agus chomhéirigh sibh ó mhairbh in éineacht leis chomh maith as ucht an chreidimh a bhí agaibh i gcumhacht Dé a thóg ó mhairbh é.
13
Bhí sibh marbh de dheasca bhur gcionta agus de cheal thimpeallghearradh na colainne; ach dʼathbheoigh Dia sibh i bpáirt le Críost; mhaith sé dúinn ár gcionta uile,
14
agus an banna scríofa úd a bhí inár gcoinne lena chuid forálacha chuir sé ar ceal é agus ghlan as an tslí é dá thairneáil ar an gCros.
15
Lom sé na tiarnais agus na húdaráis, chuir ar taispeáint iad os comhair an tsaoil agus dʼardaigh leis iad i gcaith-réim na Croise.
16
Dá chionn sin ná ligigí dʼaon duine a bheith ag ordúchán oraibh faoi chúrsaí bia agus dí ná i dtaobh féilte cinn bhliana nó féilte míosúla nó laethanta sabóide.
17
Níl sna cúrsaí sin ach scáil na nithe a bhí le teacht ach is é Críost an t-ábhar féin.
18
Agus ná ligigí dʼaon duine calaois a imirt oraibh ar scáth na huirísleachta ná adhradh na n-aingeal. Ag brath ar a bhfuil feicthe aige féin a bhíonn a leithéid siúd agus é i mborr le bród díomhaoin as a mheon saolta féin.
19
Agus níl aon cheangal idir é agus an ceann a thugann cothú don chorp ar fad agus a shnaidhmeann le chéile é lena chuid alt agus ballnasc agus a chuireann ag fás é mar is áil le Dia.
20
Ós rud é go bhfuil sibh básaithe mar aon le Críost agus reidh le dúile an tsaoil, cad ab áil libh a bheith ag géilleadh do rialacha ar nós:
21
“Ná bain leis seo,” “Ná blais é sin,” “Ná teagmhaigh leis siúd,” amhail agus dá mbeadh sibh ag maireachtáil sa saol go fóill?
22
Rialacha is ea iad sin a bhaineann le nithe a ídítear sa chaitheamh agus gan iontu ach orduithe agus teagasc daonna.
23
Tá gan amhras, cuma na heagna orthu lena gcuid forchráifeachta agus uirísleachta agus cránas coirp, ach ní fiú biorán iad chun an chollaíocht a shrianadh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4