bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Hebrews 1
Hebrews 1
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 2 →
1
Labhair Dia go minic agus ar shlite éagsúla anallód léis na haithreacha trí bhíthin na bhfáithe;
2
ach sna laethanta deireanacha seo labhair sé linn trína Mhac, an té a cheap sé ina oidhre ar an uile ní agus ar tríd a rinne sé a bhfuil ann.
3
Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda
4
agus fuair sé gradam a oiread céanna níos uaisle ná na haingil is atá an t-ainm a fuair sé mar oidhreacht níos uaisle ná a n-ainm siúd.
5
Óir cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Is tú mo Mhac, inniu a ghin mé thú”; agus arís: “Beidh mé i mʼAthair aige agus beidh seisean ina Mhac agam-sa”?
6
Agus arís eile, nuair a sheol sé an Chéadghin isteach sa saol, dúirt sé leis: “Agus sléachtadh aingil uile Dé roimhe.”
7
Deir sé i dtaobh na n-aingeal: “Déanann sé gaotha dá aingil agus lasracha tine dá sheirbhísigh.”
8
Ach is é a deir sé i dtaobh an Mhic: “Beidh do rí-chathaoir ann, a Dhia, choíche is go deo,” agus: “Slat na córa is ea slat do réim-se;
9
thug tú grá don cheart agus fuath don urchóid; dá bharr sin dʼungaigh Dia, do Dhia féin, thú thar do chompánaigh le hola an ghairdis,”
10
agus: “Is tú, a Thiarna, a bhunaigh an domhan ar dtús; is iad na spéartha saothar do lámh;
11
rachaidh siad-san ar ceal ach mairfidh tusa buan; ídeofar iad go léir mar chlóca;
12
fillfidh tú ar a chéile iad mar bhrat agus mar chlóca freisin déanfar iad a mhalartú; ach ní thagann athrú ort-sa in aon chor agus ní bheidh deireadh le do ré.”
13
Agus cé acu de na haingil a ndúirt sé leis riamh: “Suigh ar mo lámh dheas go gcuirfidh mé do naimhde mar stól faoi do chosa”?
14
Nach spioraid friothála iad go léir a chuirtear amach ag déanamh seirbhíse ar son na ndaoine a gheobhaidh an slánú mar oidhreacht.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13