bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
/
Hebrews 5
Hebrews 5
Irish 2012 (An Tiomna Nua Agus Leabhar na Salm 2012)
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 6 →
1
Gach ard-sagart a thógtar as na daoine, ceaptar é chun seirbhís a dhéanamh do Dhia thar ceann na ndaoine. Ofrálann sé tabhartais agus íobairtí in éiric peacaí.
2
Is féidir dó trua a ghlacadh do dhaoine atá aineolach agus atá ag dul ar fán de bhrí go bhfuil sé féin lag ó gach taobh.
3
Dá dheasca sin freisin ní foláir dó íobairtí a ofráil in éiric peacaí, ní hamháin thar ceann an phobail ach ar a shon féin chomh maith.
4
Agus ní ghabhann aon duine an gradam seo chuige féin mura bhfaigheann sé gairm ó Dhia mar a fuair Árón.
5
Mar an gcéanna níor thug Críost gradam ardsagairt dó féin ach fuair sé é ón té a dúirt leis: “Is tú mo Mhac; ghin mé thú inniu.”
6
Agus in áit eile fós deir sé leis: “Is sagart síoraí thú ar nós Mheilcizidic.”
7
Nuair a bhí Críost ar an saol seo chuir sé achainíocha agus urnaithe suas de ghlór ard agus le mórán deor chun an té a bhí in ann é a fhuascailt ón mbás. Éisteadh leis toisc go raibh sé urramach deabhóideach.
8
Ach bíodh gurb é Mac Dé é, dʼfhoghlaim sé an umhlaíocht ó na nithe a dʼfhulaing sé.
9
Nuair a tháinig sé chun foirfeachta rinneadh údar slánaithe shíoraí de don uile dhuine a bhíonn umhal dó
10
agus dʼfhógair Dia gurbh ard-sagart é ar nós Mheilcizidic.
11
Tá mórán le rá againn faoin ábhar seo ach beidh sé deacair dúinn é a mhíniú daoibh, mar tá sibh dallaigeanta.
12
Óir, cé gur chóir daoibh a bheith in bhur múinteoirí faoin am seo, is amhlaidh atá gá agaibh le duine éigin chun bunfhírinní bhriathra Dé a mhúineadh daoibh arís. Ní bia scamhardach atá ag teastáil uaibh ach bainne.
13
Óir, gach duine atá beo ar bhainne, ní fhaigheann sé blas ar bith ar aon teagasc domhain i dtaobh na fíréantachta mar nach bhfuil ann ach naíonán.
14
Is do dhaoine fásta amháin an bia scamhardach, is é sin, do dhaoine a bhfuil a n-aigne oilte acu le teann taithí chun an mhaith a aithint thar an olc.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13