bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
1 Corinthians 1
1 Corinthians 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 2 →
1
Mise Pól, a bhfuil glaoite air de dheoin Dé chun bheith ina aspal ag Íosa Críost, agus an bráthair Sóstainéas in éineacht liom,
2
chuig eaglais Dé i gCorant, chucu sin atá coisricthe in Íosa Críost agus a bhfuil glaoite ina naoimh orthu mar aon leis an uile dhuine a ghlaonn i ngach áit ar ainm ár dTiarna Íosa Críost, an té is Tiarna orainne agus orthusan:
3
grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair agus ón Tiarna Íosa Críost.
4
Bím ag síorghabháil buíochais le Dia ar bhur son as an ngrásta atá bronnta aige oraibh in Íosa Críost.
5
Mar tá raidhse den uile shórt faighte agaibh ann: raidhse den urlabhra agus raidhse den eolas.
6
Tá an fhianaise ar Chríost dulta chomh daingean sin i bhfeidhm oraibh
7
nach bhfuil tabhartas ar bith in easnamh oraibh fad atá sibh ag feitheamh lenár dTiarna Íosa Críost a nochtadh chugaibh.
8
Coimeádfaidh seisean daingean sibh go deireadh na dála, gan cháim lá ár dTiarna Íosa Críost.
9
Tá Dia dílis agus is é a ghlaoigh oraibh chun bheith rannpháirteach lena Mhac, ár dTiarna Íosa Críost.
10
Impím oraibh, a bhráithre, in ainm ár dTiarna Íosa Críost, sibh go léir a bheith ar aon fhocal agus gan aon siosmaí a bheith eadraibh, ach sibh a bheith dlúite le chéile ar aon aigne agus ar aon intinn.
11
Mar tá sé curtha ar mo shúile dom ag muintir Chlóé, a bhráithre, go mbíonn sibh in achrann le chéile.
12
Is é atá i gceist agam go mbíonn gach duine agaibh á rá: «leanaimse Pól,» nó «leanaimse Apollós,» nó «leanaimse Céafas,» nó «leanaimse Críost.»
13
An amhlaidh atá Críost roinnte ina choda? An é Pól a céasadh ar an gcrois ar bhur son? An in ainm Phóil a baisteadh sibh?
14
Buíochas le Dia nár bhaist mise duine ar bith agaibh ach amháin Criospas agus Gáias.
15
Ní bheidh sé le rá ag aon duine, mar sin, gurb i m' ainmse a baisteadh sibh.
16
Sea, bhaist mé teaghlach Stiofáin chomh maith ach thairis sin ní eol dom gur bhaist mé duine ar bith eile.
17
Mar ní ag baisteadh a chuir Críost uaidh mé ach ag fógairt an dea-scéil agus é a dhéanamh gan dul i muinín eagna urlabhra ar eagla cros Chríost a choilleadh.
18
Scéal seo na croise, is díth céille é dar leo sin atá ar bhealach a millte, ach is é cumhacht Dé é dar linne atá ar bhealach ár slánaithe.
19
Mar tá scríofa: «Cuirfidh mé eagna lucht na heagna ar neamhní; cuirfidh mé éirim lucht na héirime ar leataobh.»
20
Cá bhfuil an t-eagnaí? Cá bhfuil an fear léinn? Cá bhfuil aighneasóir na haoise seo? Nach bhfuil Dia tar éis díth céille a dhéanamh d' eagna an tsaoil?
21
Nuair nár éirigh leis an saol, trína chuid eagna, aithne a chur ar Dhia, thograigh Dia as a chuid eagna féin na creidmhigh a shlánú trí dhíth céille an fhorógra seo againne.
22
Bíonn na Giúdaigh ag iarraidh «comharthaí» agus na Gréagaigh ag iarraidh «eagna,»
23
ach níl againne á fhógairt ach Críost a céasadh. Col a ghlacann na Giúdaigh leis sin agus is díth céille é dar leis na gintlithe;
24
ach dóibh siúd a bhfuil glaoite orthu, idir Ghiúdaigh agus Ghréagaigh, is é Críost cumhacht Dé agus eagna Dé é.
25
Mar is críonna díth céille Dé ná eagna dhaoine agus is treise laige Dé ná an duine.
26
Breathnaígí ar bhur nglao, a bhráithre, agus a laghad agaibh a bhí eagnaí de réir chaighdeán an tsaoil, ná ceannasach ná uasal.
27
Ach thogh Dia nithe díchéillí an tsaoil chun lucht na heagna a náiriú. Thogh Dia nithe laga an tsaoil chun na nithe láidre a náiriú.
28
Thogh Dia nithe uirísle agus nithe suaracha an tsaoil agus nithe nach bhfuil ann chun na nithe atá ann a chur ar neamhní,
29
ionas nach ndéanfadh daonnaí ar bith maíomh i bhfianaise Dé.
30
Eisean a bheir daoibhse bheith in Íosa Críost an té a ndearna Dia eagna de dúinne, agus fíréantacht agus naofacht agus fuascailt.
31
Dá réir sin, mar atá scríofa: «An té a bhfuil mórtas air, bíodh a mhórtas as an Tiarna aige.»
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16