bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
1 Corinthians 3
1 Corinthians 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
1
I dtaca liom féin de, a bhráithre, níorbh fhéidir dom labhairt libh mar dhaoine spioradálta ach mar dhaoine collaí, mar naíonáin i gCríost.
2
Is bainne a thug mé daoibh le hól in áit an bhia thirim toisc nach raibh sibh in inmhe; go deimhin níl sibh in inmhe fós féin
3
de bhrí go bhfuil sibh collaí go fóill. Fad atá éad agus achrann eadraibh nach daoine collaí atá ionaibh agus sibh do bhur n-iompar féin de réir ghnás an tsaoil?
4
Nuair a bhíonn «leanaimse Pól» ag duine agus «leanaimse Apollós» ag duine eile nach de ghnáthmhuintir an tsaoil sibh?
5
Céard é Apollós nó céard é Pól? Níl iontu ach na seirbhísigh trínar chreid sibh, gach duine acu mar a dháil an Tiarna air:
6
mise a chuir an síol, Apollós a chuir an t-uisce leis ach is é Dia a chuir ag fás é.
7
Ní hiad an síoladóir, mar sin, ná an t-uiscitheoir, ar fiú iad aon ní ach Dia amháin, a chuireann an síol ag fás.
8
Is é an dá mhar a chéile iad an síoladóir agus an t-uiscitheoir ach cúiteofar a shaothar féin le gach duine acu.
9
Comhoibrithe le Dia atá ionainne agus gort Dé, foirgneamh Dé, is ea sibhse.
10
De réir an ghrásta a thug Dia dom, leag mise an bhunsraith mar a dhéanfadh an t-ardsaor oilte agus fear eile atá ag tógáil uirthi. Faireadh gach duine a chuid tógála féin áfach,
11
mar ní féidir d' aon duine bunsraith eile a leagan ach an ceann atá thíos cheana féin, agus is é Íosa Críost an bhunsraith sin.
12
Cibé duine a dhéanfaidh tógáil ar an mbunsraith sin, úsáideadh sé ór, airgead nó clocha lómhara, adhmad, féar nó tuí,
13
beidh saothar cách soiléir le feiceáil; mar nochtfaidh an Lá é; mar nochtfar é sa lasair agus tástálfaidh an lasair cén sort oibre a bheidh déanta ag cách.
14
Má sheasann saothar tógála duine an triail, gheobhaidh sé a thuarastal;
15
ach má loisctear saothar duine, fágfar gan díol é; tiocfaidh sé féin slán, áfach, mar dhuine a bheadh gafa trí thine.
16
Nach dtuigeann sibh, a bhráithre, gur teampall Dé sibh agus go bhfuil Spiorad Dé ina chónaí ionaibh.
17
Duine ar bith a mhilleann teampall Dé, millfidh Dia eisean, mar is naofa é teampall Dé agus is sibhse an teampall sin.
18
Ná bíodh aon dul amú ar aon duine; aon duine agaibh a áiríonn é féin a bheith eagnaí de réir ghnás an tsaoil seo, bíodh sé ina amadán le go mbeadh sé eagnaí dáiríre.
19
Mar níl in eagna an tsaoil seo ach díth céille i bhfianaise Dé, mar tá scríofa: «Sáinníonn sé na saoithe ina gcuid glicis féin»;
20
agus arís: «Is eol don Tiarna smaointe na saoithe a bheith baoth.»
21
Dá réir sin, ná bíodh duine ar bith ag déanamh mórtais as daoine, mar is libhse an t-iomlán:
22
Pól agus Apollós agus Céafas, an domhan, an bheatha agus an bás, a bhfuil ann agus a bhfuil le teacht is libhse iad uile,
23
agus is le Críost sibhse agus is le Dia Críost.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
Recommended Reading
Commentary
1 Corinthians Commentaries
→
Devotional
1 Corinthians Devotional Guide
→
Get This Bible
Irish - (An Bíobla Naofa ) Study Bible
→