bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
1 Peter 1
1 Peter 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
1
Peadar, aspal le hÍosa Críost, chuig deoraithe na díbeartha i bPontas, sa Ghalait, sa Chapadóise, san Áise, agus i mBitinia, an mhuintir atá tofa
2
de réir oirchill Dé an tAthair, i gcoisreacan tríd an Spiorad, le humhlú d' Íosa Críost agus lena fhuil a chroitheadh orthu. Go raibh grásta agus síocháin agaibh go raidhsiúil.
3
Moladh le Dia agus Athair ár dTiarna Íosa Críost! D' athghin sé sinn as ucht a mhórthrócaire, trí aiséirí Íosa Críost ó mhairbh, chun bheomhuiníne
4
agus chun oidhreachta atá marthanach dothruaillithe, gan síothlú, oidhreacht atá in áirithe daoibh sna flaithis.
5
Tá sibh anois do bhur gcumhdach tríd an gcreideamh ag Dia na bhfeart, le haghaidh an tslánaithe atá réidh lena fhoilsiú ag deireadh ré.
6
Is údar lúcháire agaibhse é seo, fiú más dobrónach féin sibh ar feadh tamaill bhig de bharr trialacha den uile chineál,
7
d' fhonn go bhfaighfí fíormhianach bhur gcreidimh, atá níos luachmhaire ná ór rud atá somhillte cé go dtástáiltear sa tine é ag dul chun molta agus onóra agus glóire tráth a fhoilseofar Íosa Críost.
8
Ní fhaca sibh é, ach tugann sibh grá dó; ní fheiceann sibh anois féin é, ach creideann sibh ann, agus is lúcháireach sibh le háthas glórmhar dolabhartha,
9
agus slánú bhur n-anam á ghnóthú agaibh mar thoradh ar bhur gcreideamh.
10
Na fáithe a thairngir faoin ngrásta a bhí i ndán daoibhse, is faoin slánú seo a rinne siad cuardach agus grinncheistiú.
11
Scrúdaigh siad cén duine nó cén uain a bhí á thaispeáint ag Spiorad Íosa a bhí iontu agus é ag réamhfhógairt pháis Chríost agus na glóire a leanfadh í.
12
Foilsíodh dóibh nach dóibh féin a bhí siad ag fónamh ach daoibhse i gcás na nithe atá fógraithe daoibhse anois acu siúd a chraol an dea-scéal daoibh le cabhair an Spioraid Naoimh a seoladh ó neamh, nithe a mbíonn na haingil féin ag tnúth le sracfhéachaint a fháil orthu.
13
Dá bhrí sin cuirigí bhur n-aigne i gcóir chun oibre, bígí stuama, agus bíodh bhur muinín go hiomlán as an ngrásta a dháilfear oraibh nuair a fhoilseofar Íosa Críost.
14
Dála leanaí géilliúla, ná téigí i gcosúlacht ainmhianta an aineolais ina raibh sibh cheana,
15
ach amhail is naofa eisean a ghlaoigh oraibh, bígí-se naofa in bhur n-iompar go léir,
16
mar tá scríofa: «Bígí naofa mar go bhfuilimse naofa.»
17
Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.
18
Óir is feasach sibh nach le nithe sothruaillithe mar ór nó airgead a fuasclaíodh sibh ó bhur n-iompar baoth a fuair sibh mar oidhreacht ó bhur n-aithreacha,
19
ach le fuil luachmhar Chríost, amhail fuil uain gan mháchail gan cháim.
20
Bhí aithne air cheana féin roimh chruthú an domhain, ach foilsíodh é i ndeireadh ré ar bhur sonsa
21
a chreideann trídsean i nDia, a thóg ó mhairbh é, agus a thug glóir dó, le go mbeadh creideamh agus dóchas agaibhse i nDia.
22
Rinne sibh bhur n-anam a íonghlanadh trí umhlú don fhírinne le haghaidh grá gan cur i gcéill do na bráithre; tugaigí grá díograiseach dá chéile, más ea, ó chroí glan.
23
Ní ó aon síol sothruaillithe a gineadh as an nua sibh, ach ó shíol dothruaillithe trí bhriathar Dé bheo shíoraí.
24
«Mar tá an uile fheoil mar an bhféar, agus níl ina glóir go léir ach mar bhláth an fhéir;
25
Ach maireann briathar an Tiarna go deo.» Agus is é an briathar sin an dea-scéal a fógraíodh daoibh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5