bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
1 Peter 2
1 Peter 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
1
Caithigí i leataobh uaibh, más ea, gach mailís agus calaois, gach cur i gcéill, gach formad, agus gach tromaíocht.
2
Dála naíonán nuabheirthe, bíodh cíocras oraibh chun an fhíorbhainne spioradálta ionas go bhfásfaidh sibh dá thairbhe chun an tslánaithe,
3
más é gur bhlais sibh gur caoin é an Tiarna.
4
Druidigí ina aice, os é an chloch bheo é dár dhiúltaigh daoine, ach ar tofa luachmhar i láthair Dé í;
5
agus tógtar sibhse féin, faoi mar ba bheochlocha sibh, in bhur n-áras spioradálta, le bheith in bhur sagartacht naofa le híobairtí spioradálta taitneamhacha a ofráil do Dhia trí Íosa Críost.
6
Uime sin tá seo sa scrioptúr: «Féach, tá cloch á leagan agam i Síón, cloch chúinne thofa luachmhar. An té a chreidfidh inti, ní chuirfear díomá air.»
7
Daoibhse dá bhrí sin a chreideann, is luachmhar í, ach dóibh siúd nach gcreideann: «An chloch dár dhiúltaigh na saoir, rinneadh ceann an chúinne di,»
8
agus «ceap tuisle agus carraig scannail.» Baintear tuisle astu mar nach ngéilleann siad don bhriathar; agus is mar sin a bhí ceaptha dóibh.
9
Ach is cine tofa sibhse, sagartacht ríoga, muintir naofa, pobal a cuireadh ar leithrigh, le go bhfógródh sibh éachtaí an té sin a ghlaoigh as an dorchadas amach oraibh chun a sholais iontaigh féin.
10
Níor phobal sibh tráth, ach anois is pobal Dé sibh; níor bhain a thrócaire libh tráth, ach anois tá bainte aici libh.
11
A chairde cléibh, impím oraibh, mar choimhthígh agus mar dheoraithe, staonadh ó ainmhianta na colainne a bhíonn ag cogaíocht leis an anam.
12
Bíodh bhur n-iompar i measc na ngintlithe gan cháim, i dtreo, má cháineann siad anois sibh mar lucht míghníomhartha, go bhfeicfidh siad bhur ndea-oibreacha agus go molfaidh siad Dia dá gcionn ar lá an fhiosraithe.
13
Bígí géilliúil do gach foras daonna ar son an Tiarna, más don impire é de bharr a cheannasaíochta,
14
más do ghobharnóirí é, de bharr gur sheol seisean iad le coirpigh a phionósú agus le lucht dea-bheart a mholadh.
15
Mar is é toil Dé é go ndéanfaidh sibh aineolas daoine baotha a chur ina thost leis na bearta fónta a dhéanann sibh.
16
Déanaigí sibh féin a iompar mar shaoráin, gan an tsaoirse a bheith mar bhrat ar an olc agaibh, ach sibh a mhaireachtáil mar a bheadh daoráin Dé.
17
Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.
18
A sheirbhíseacha, bígí umhal do bhur máistrí, le barr urraime, agus ní dóibh siúd atá caoin cneasta amháin é ach don mhuintir gharg chomh maith.
19
Óir is é a thuilleann gnaoi, má iompraíonn duine pianta ag fulaingt go héagórach ach Dia os comhair a aigne aige.
20
Cén chreidiúint é má dhéanann sibh rud as an tslí agus go n-iompraíonn sibh bhur bpionós le foighne? Ach má dhéanann sibh an mhaith agus go bhfulaingíonn sibh dá bharr le foighne, tuilleann sin gnaoi Dé.
21
Óir is chuige seo a gairmeadh sibh, mar gur fhulaing Críost féin ar bhur son, agus gur fhág sé sampla agaibh le go leanfadh sibh a lorg.
22
Ní dhearna seisean aon pheaca, ná ní bhfuarthas aon chealg ina bhéal.
23
Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d' fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.
24
D' iompair sé ár bpeacaí ina cholainn féin ar an gcrann d' fhonn go bhfaighimis bás dár bpeacaí ach go mairfimis don fhíréantacht. Trína chréachtaí a cneasaíodh sibh.
25
Bhí sibh mar chaoirigh ar seachrán, ach tá fillte ar ais agaibh ar aoire agus ar chaomhnóir bhur n-anama.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4
5