bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
1 Samuel 26
1 Samuel 26
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 27 →
1
Ansin tháinig muintir Zíf go Sól i nGibeá á rá: «Nach bhfuil Dáiví,» ar siad, «i bhfolach ar Shliabh Haicíleá lastoir de Ieisímeon?»
2
D' imigh Sól dá bhrí sin agus síos leis go fásach Zíf agus trí mhíle fear tofa as Iosrael aige chun Dáiví a chuardach i bhfásach Zíf.
3
Shuigh Sól a champa ar Shliabh Haicíleá atá le hais an bhóthair lastoir de Ieisímeon. Bhí Dáiví ag cur faoi san fhásach faoin am seo agus chonaic sé go raibh Sól ag teacht ansiúd ar a thóir.
4
Chuir Dáiví lucht braite amach, dá bhrí sin, agus fuair amach go cinnte go raibh Sól tagtha.
5
Chuir Dáiví chun siúil agus tháinig chun na háite ina raibh a champa suite ag Sól. Chonaic sé mar a raibh Sól agus Aibneár mac Néar, ceannasaí an airm, ina luí. Bhí Sól ina luí istigh sa champa agus na saighdiúirí ina mbothanna ina thimpeall.
6
Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: «Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?» ar sé. D' fhreagair Aibísí: «Mise; rachaidh mise leat.»
7
D' imigh Dáiví agus Aibísí leo sa dorchadas dá bhrí sin chun an airm agus fuaireadar Sól ansiúd ina chodladh sa champa, a shleá sáite sa talamh ag a cheann agus Aibneár agus an t-arm ina luí timpeall air.
8
Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: «Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.»
9
Ach d' fhreagair Dáiví Aibísí: «Ná maraigh é! Óir cé d' fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint?
10
Dar an Tiarna beo,» arsa Dáiví, «déanfaidh an Tiarna féin an té sin a threascairt, cibé acu a thagann an bás air ar an bhfód, nó go dtéann sé amach chun catha agus bás a fháil ansin.
11
Nár lige an Tiarna go sínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna! Ach tóg leat an tsleá anois atá ag a cheann, agus an crúsca uisce, agus imímís linn.»
12
Thóg Dáiví an tsleá agus an crúsca uisce a bhí taobh le ceann Shóil agus d' imigh leis. Ní bhfuair aon duine radharc súl ná clos cluas ar ar tharla, ná níor dhúisigh aon duine; bhíodar go léir ina gcodladh mar thit codladh trom ón Tiarna orthu.
13
Ghabh Dáiví anonn go dtí an taobh eile agus stad sé ar bharr an chnoic i bhfad ó bhaile; bhí spás mór eatarthu.
14
Ansin ghlaoigh Dáiví ar an arm agus ar Aibneár mac Néar á rá: «A Aibneár, nach dtabharfaidh tú freagra orm?» «Cé tá ag glaoch ar an rí?» arsa Aibneár.
15
D' fhreagair Dáiví Aibneár: «Nach fear thú féin? Cá bhfuil do shamhail in Iosrael? Cén fáth nach ndearna tú do thiarna, an rí, a ghardáil, más ea? Tháinig duine den phobal isteach chun do thiarna, an rí, a mharú.
16
Ní maith mar a rinne tú. Dar an Tiarna beo, tá an bás tuillte agaibh go léir mar nach ndearna sibh bhur dtiarna, fear ungtha an Tiarna, a ghardáil. Féach, cá bhfuil sleá an rí anois, agus an crúsca uisce a bhí taobh lena cheann?»
17
D' aithin Sól guth Dháiví, agus dúirt: «An é sin do ghuth, a Dháiví, a mhic?» «Is é; is é mo ghuth é, a rí, a thiarna liom,» arsa Dáiví.
18
«Cén fáth,» ar sé, «a bhfuil mo thiarna sa tóir ar a shearbhónta? Cad tá déanta agam? Cén choir ina bhfuilim ciontach?
19
Éisteadh mo thiarna an rí anois le briathra a shearbhónta; más é an Tiarna a ghriog thú i mo choinne, glacadh sé le hofráil; ach más daoine a rinne amhlaidh, go raibh mallacht orthu i láthair an Tiarna; óir tá mé ar ionnarbadh acu inniu i dtreo nach bhfuil aon pháirt agam in oidhreacht an Tiarna; dúradar: 'Imigh leat agus déan seirbhís do dhéithe eile.'
20
Ná lig do m' fhuilse titim ar thalamh i gcéin ó lathair an Tiarna! Óir tá rí Iosrael tagtha amach ar thóir [m' anama] dála duine a bheadh ag fiach na patraisce ar na sléibhte.»
21
D' fhreagair Sól: «Pheacaigh mé! Fill, a Dháiví, a mhic. Ní dhéanfaidh mé díobháil a thuilleadh duit, mar bhí an oiread sin urrama agat do mo bheo inniu. Baois, sea baois, a ba ea mo chúrsa, agus ba mhór é mo mhearbhall.»
22
Agus d' fhreagair Dáiví: «Seo sleá an rí anseo. Tagadh duine de na saighdiúirí anall agus beireadh sé leis í.
23
Cúitíonn an Tiarna a fhíréantacht agus a dhílse le gach duine. Thug an Tiarna thú i mo láimh dom inniu ach ní shínfinn mo lámh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna.
24
Féach, faoi mar a bhí urraim agamsa inniu do do bheosa, sin mar a bheidh urraim ag an Tiarna do mo bheosa, agus déanfaidh sé mé a fhuascailt ó gach anachain.»
25
Ansin dúirt Sól le Dáiví: «Go raibh beannacht ort, a Dháiví, a mhic! Is iomaí éacht a dhéanfaidh tú agus beidh rith an rása leat.» Ansin d' imigh Dáiví leis agus d' fhill Sól ar a áit féin.
← Chapter 25
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 27 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31