bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
1 Samuel 31
1 Samuel 31
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
1
Chuir na Filistínigh cath ar Iosrael agus theith sluaite Iosrael ó na Filistínigh agus imríodh ár orthu ar Shliabh Ghiolboa.
2
Lean na Filistínigh go dian ar Shól agus ar a mhic agus mharaíodar Iónátán agus Aibíonádáb agus Mailcíosú, mic Shóil.
3
Ghéaraigh ar an gcath in aghaidh Shóil; fuair na saighdiúirí faill air, agus ghoin na saighdiúirí go trom é.
4
Ansin dúirt Sól lena ghiolla airm: «Nocht do chlaíomh agus sáigh tríom é le heagla go dtiocfadh an dream úd gan timpeallghearradh orm agus go sáfaidís mé agus go mbeidís ag fonóid fúm.» Ach bhí an-eagla ar a ghiolla airm agus ní dhéanfadh sé é. Thóg Sól a chlaíomh féin dá bhrí sin agus chaith sé é féin air.
5
Nuair a chonaic a ghiolla airm go raibh Sól marbh, chaith sé é féin ar a chlaíomh chomh maith agus fuair sé bás in éineacht leis.
6
D' éag Sól, dá réir sin, agus a thriúr mac agus a ghiolla airm, agus a chuid fear go léir, le chéile an lá céanna.
7
Nuair a chonaic na hIosraelaigh a bhí ar an taobh eile den ghleann (agus iad siúd a bhí taobh thall den Iordáin) gur theith saighdiúirí Iosrael agus gur maraíodh Sól agus a chlann mhac, d' fhágadar a gcathracha agus theitheadar. Tháinig na Filistínigh ansin agus chuireadar fúthu iontu.
8
Nuair a tháinig na Filistínigh lá arna mhárach chun na mairbh a lomadh, fuaireadar Sól agus a bheirt mhac ar lár ar Shliabh Ghiolboa.
9
Theascadar an ceann de, agus bhaineadar a éide chatha anuas de, agus sheoladar teachtairí ar fud tír na bhFilistíneach chun an dea-scéala a thabhairt dá n-íola agus dá bpobal.
10
Chuireadar a éide chatha i dteampall Aisteárót, agus ghreamaíodar a chorp de bhalla Bhéit Seán.
11
Ach nuair a chuala laochra Iáibéis Gileád cad a bhí déanta ag na Filistínigh le Sól,
12
chuir na gaiscígh go léir chun bealaigh, agus mháirseáladar i gcaitheamh na hoíche ar fad agus bhaineadar coirp Shóil agus a mhac anuas de bhalla Bhéit Seán, agus thugadar leo iad go Iáibéis agus dhódar ansiúd iad.
13
Ansin thóg siad a gcnámha agus rinne iad a adhlacadh faoin gcrann tamaraisce i Iáibéis, agus rinne siad troscadh ar feadh seacht lá.
← Chapter 30
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31