bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Colossians 1
Colossians 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Mise Pól, aspal Íosa Críost de dheoin Dé, agus an bráthair Tiomóid
2
guímid beannacht ar an bpobal naofa i gColosae, ar na bráithre dílse i gCríost. Grásta chugaibh agus síocháin ó Dhia ár nAthair.
3
Gach uair dá mbímid ag guí, gabhaimid buíochas le Dia, le hAthair ár dTiarna Íosa Críost, mar gheall oraibh,
4
mar tá iomrá cloiste againn ar bhur gcreideamh in Íosa Críost agus ar an ngrá atá agaibh don phobal naofa go huile
5
toisc súil a bheith agaibh lena bhfuil in áirithe daoibh sna flaithis. Chuala sibh iomrá ar an luach saothair seo don chéad uair i dteachtaireacht na fírinne, is é sin sa dea-scéal
6
a tháinig chugaibh agus atá ag fás agus ag tabhairt toradh uaidh ar fud an domhain mhóir, go díreach mar atá aige á dhéanamh in bhur measc féin freisin ón gcéad lá a chuala sibh iomrá ar ghrásta Dé agus a chuir sibh eolas air dáiríre.
7
Is é múinteoir a bhí agaibh ár gcomhsclábha ionúin féin, Eipeafras, searbhónta dílis do Chríost agus fear ionaid dúinne;
8
agus is é a chuir síos dúinn chomh maith ar an ngrá atá ionaibhse faoi luí an Spioraid.
9
Sin é an fáth, ón lá a chualamar an scéal, nár stadamar ach ag guí oraibh, á iarraidh go líonfaí sibh d' eolas ar a thoil le barr eagna agus tuisceana spioradálta,
10
ionas go dtabharfadh sibh bhur saol mar is dual de réir an Tiarna agus go mbeadh sé lánsásta libh; go dtiocfadh forás ar bhur ndea-oibreacha agus méadú ar bhur n-eolas ar Dhia;
11
go gcuirfeadh a neart glórmhar ar bhur gcumas cur suas go foighneach le gach ní
12
agus go mbeadh sibh go lúcháireach ag gabháil buíochais leis an Athair a dheonaigh daoibh a bheith páirteach in oidhreacht an phobail naofa sa solas
13
agus a d' fhuascail sinn ó chumhacht an dorchadais agus d' aistrigh isteach sinn i ríocht a mhic mhuirnigh.
14
Is tríd an Mac sin atá ár bhfuascailt le fáil, is é sin, maithiúnas na bpeacaí.
15
Is íomhá den Dia dofheicthe é agus céadghin gach dúile cruthaithe
16
mar is trídsean a cruthaíodh a bhfuil ar neamh agus ar talamh bídís sofheicthe nó dofheicthe, idir Thróin agus Thiarnais idir Phrionsachtaí agus Chumhachtaí. Is trídsean agus dósan a cruthaíodh an t-iomlán.
17
Tá tosach aige orthu uile agus is ann a choinnítear ar bun iad.
18
Is é ceann an choirp é, ceann na hEaglaise. Is é an tús é, an chéadghin ó mhairbh i dtreo go mbeadh an tosach aige ar gach slí.
19
Mar is ann ab áil le lánmhaireacht iomlán Dé a bheith ina cónaí,
20
agus is trídsean ab áil leis gach a bhfuil ar neamh agus ar talamh a thabhairt chun athmhuintearais leis féin, agus síocháin a dhéanamh leo trí fhuil a chroise.
21
Tráth dá raibh, bhí sibhse féin in earraid [le Dia] agus naimhdeach dó in bhur n-aigne, de dheasca bhur ndrochghníomhartha;
22
ach tá athmhuintearas déanta aige anois libh trína bhás ina chorp collaí d' fhonn sibh a thabhairt ina láthair go naofa gan cháim gan locht.
23
Ní mór daoibh, áfach, fanacht bunaithe go daingean ar an gcreideamh, agus gan bogadh ón dóchas a lasadh ionaibh ag an dea-scéal atá cloiste agaibh agus atá fógartha don uile dhuine faoin spéir agus a bhfuilimse, Pól, i mo mhaor air.
24
Is cúis áthais domsa a bhfuil á fhulaingt anois agam ar bhur son. Cibé easnamh a bhí ar pheannaidí Chríost táimse a dhéanamh suas i mo cholainn féin ar mhaithe lena chorpsan, is é sin, ar mhaithe leis an Eaglais.
25
Rinneadh maor ar an Eaglais díomsa de bharr an chúraim a thug Dia dom le déanamh daoibhse, mar atá briathar Dé á fhógairt ina iomláine:
26
an rúndiamhair a bhí ceilte ar feadh na gcianta agus na nglún, ach atá nochta anois dá phobal naofa.
27
Ba dheoin le Dia a nochtadh dóibhsean cad é mar shaibhreas glórmhar a thugann an rúndiamhair seo do na gintlithe, is é sin, go bhfuil Críost in bhur measc ag deimhniú na glóire daoibh.
28
Sin é an Críost a bhímidne a fhógairt: bímid ag tabhairt comhairle agus teagaisc do chách le barr eagna, d' fhonn an uile dhuine a thabhairt chun foirfeachta i gCríost.
29
Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4