bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Colossians 4
Colossians 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
1
A mháistrí, caithigí go cóir cothrom le bhur ndaoir. Bíodh a fhios agaibh go bhfuil máistir agaibh féin ar neamh.
2
Bígí ag guí gan staonadh; bígí ag faire lena linn agus ag gabháil buíochais le Dia.
3
Agus déanaigí guí orainne chomh maith, a iarraidh ar Dhia bealach a réiteach dúinn chun a bhriathar a leathadh agus chun rúndiamhair Chríost a fhógairt. Ós é an rúndiamhair sin faoi deara dom bheith i ngéibheann,
4
guígí Dia go ndéanfaidh mé í a nochtadh chomh soiléir agus is cuí dom í a fhógairt.
5
Bígí críonna in bhur gcaidreamh leis na díchreidmhigh agus bainigí leas iomlán as an deis atá agaibh.
6
Bíodh bhur gcomhrá leo go suáilceach deisbhéalach i gcónaí ionas go bhféadfadh sibh an freagra pras a thabhairt do chách.
7
Tabharfaidh an bráthair ionúin Tichíceas tuairisc iomlán daoibh ar mo chúrsaíse. Seirbhíseach dílis is ea é agus comhsclábha domsa sa Tiarna
8
agus táim á sheoladh chugaibh d' aon ghnó chun fios mo cháis a thabhairt daoibh agus misneach a chur ar bhur gcroí.
9
Agus beidh lena chois an bráthair dílis ionúin, Onaesamas, fear de bhur mbuíon féin. Inseoidh siadsan daoibh a bhfuil ag titim amach anseo.
10
Cuireann mo chomhchime, Arastarchas, a bheannacht chugaibh agus Marcas, col ceathrar Bharnabas, chomh maith. Fuair sibh treoracha uaim cheana féin faoi Mharcas agus fáiltígí roimhe má thagann sé.
11
Cuireann Íosa, dá ngairtear Iústas, a bheannacht chugaibh freisin. Sin iad na haon daoine de lucht an timpeallghearrtha atá ag cabhrú liom chun ríocht Dé a leathadh agus is sólás dom iad.
12
Cuireann seirbhíseach Íosa Críost, Eipeafras, a bheannacht chugaibh; duine díbh féin is ea é agus bíonn sé ag guí go dúthrachtach oraibh gan stad, á iarraidh sibh a choimeád go daingean diongbháilte ag comhlíonadh toil Dé go hiomlán.
13
Geallaimse daoibh gurb é atá ag obair go dian ar bhur son agus ar son mhuintir Láoidícéa agus Hiarapoil.
14
Cuireann an dochtúir lách, Lúcás, agus Déamas, a mbeannacht chugaibh mar an gcéanna.
15
Tugaigí mo bheannachtsa do na bráithre i Láoidícéa agus do Numfa agus don eaglais a thagann le chéile ina teach.
16
Agus nuair a bheidh an litir seo léite agaibh, tugaigí do bhur n-aire go léifear in eaglais Láoidícéa í chomh maith agus go léifidh sibhse an litir a chuirfear chugaibh ó Láoidícéa.
17
Agus abraigí é seo le hAirchipeas: «Féach chuige go dtabharfaidh tú chun críche an cúram a fuair tú le déanamh sa Tiarna.»
18
Beannacht oraibh faoi mo láimh féin Pól. Ná déanaigí dearmad ar mo shlabhraí. Grásta go raibh agaibh.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
All chapters:
1
2
3
4