bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezra 1
Ezra 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 2 →
1
Sa chéad bhliain de réimeas Chíorais rí na Peirse, i dtreo go gcomhlíonfaí briathar an Tiarna ó bhéal Irimia, mhúscail an Tiarna spiorad Chíorais rí na Peirse le forógra a thabhairt agus é a fhoilsiú ar fud a ríochta go léir:
2
«Mar seo a deir Cíoras rí na Peirse: 'Thug an Tiarna, Dia neimhe, ríochtaí uile na cruinne dom, agus chuir sé de dhualgas orm Teampall a thógáil dó in Iarúsailéim, in Iúdá.
3
Cibé dá mhuintir go léir atá in bhur measc, go raibh a nDia leo! Téidís suas go Iarúsailéim in Iúdá le Teampall an Tiarna, Dia Iosrael, a thógáil; eisean an Dia atá in Iarúsailéim.
4
Gach duine d' iarmhar a phobail, cibé áit ina bhfuil sé ag cur faoi, tagadh muintir a dhúiche i gcabhair air le hairgead, agus le hór, le maoin agus le heallach, agus le tabhartais dheonacha do Theampall Dé atá in Iarúsailéim.'»
5
Ansin cinn fine Iúdá agus Bhiniáimin, na sagairt agus na Léivítigh, agus go deimhin gach aon duine dár spreag Dia an spiorad iontu, chuireadar chun imeachta chun Teampall an Tiarna a atógáil in Iarúsailéim.
6
Chabhraigh a gcomharsana leo ar gach bealach le hairgead, le hór, le maoin, le heallach agus le tabhartais luachmhara, agus le hofrálacha deonacha de gach sórt.
7
Thóg Cíoras rí amach soithí Theampall an Tiarna a thug Nabúcadnazar leis ó Iarúsailéim agus a thíolaic sé do theampall a dhé.
8
Chuir Cíoras rí na Peirse iad i lámha Mhitreadát an cisteoir, agus chomhair seisean amach do Shéisbeazar flaith Iúdá iad.
9
Seo é a líon: míle mias óir, míle mias airgid, naoi dtúisteán fichead,
10
deich mbáisín fichead óir, ceithre chéad agus a deich mbabhla airgid agus míle soitheach eile.
11
Ba é líon na soithí go léir d' ór agus d' airgead ná cúig mhíle ceithre chéad [seasca a naoi]. Thug Séisbeazar an t-iomlán sin ar fad leis nuair a d' fhill na deoraithe ar ais ón mBablóin go Iarúsailéim.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10