bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Ezra 3
Ezra 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 4 →
1
Nuair a tháinig an seachtú mí agus go raibh clann mhac Iosrael ina mbailte féin, chruinnigh an pobal go léir le chéile mar aon in Iarúsailéim.
2
Ansin chrom Iéisiúa mac Iózádác agus a chomhshagairt Zarubáibil mac Sheailtíéil lena ghaolta, ar altóir Dhia Iosrael a atógáil, le híobairtí dóite a ofráil uirthi, faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois giolla Dé.
3
Thóg siad an altóir ar a seanláthair d' ainneoin an eagla a bhí orthu roimh phobail na tíre, agus d' ofráil siad íobairtí dóite uirthi, íobairtí uileloiscthe, ar maidin agus tráthnóna.
4
Rinne siad féile na dTaibearnacal a cheiliúradh de réir mar atá scríofa leis an líon íobairtí dóite laethúil atá ceaptha ag an reacht le haghaidh an lae;
5
i dteannta na síoríobartha uileloiscthe, d' ofráil siad na híobairtí ceaptha [do na sabóidí], d' fhéilte na ré nua, agus do na sollúntais atá naofa don Tiarna, agus na híobairtí deonacha a bhí á ndéanamh ag daoine ar leith don Tiarna.
6
Ón gcéad lá den seachtú mí chrom siad ar íobairtí loiscthe a ofráil don Tiarna. Ach bhí bunchloch shanctóir an Tiarna fós gan leagan.
7
Ansin thug siad airgead do na saoir chloiche agus admhaid; thug siad bia, deoch agus ola do na Suídónaigh agus do na Tuírigh, le go dtabharfaidís adhmad céadair ón Liobáin ar muir go Iopa, rud a bhí ceadaithe dóibh ag Cíoras rí na Peirse.
8
Ba sa dara mí den dara bliain tar éis dóibh teacht go Teampall Dé in Iarúsailéim a chrom Zarubáibil mac Sheailtíéil agus Iéisiúa mac Iózádác ar an obair leis an gcuid eile dá mbráithre, na sagairt, na Léivítigh agus an mhuintir go léir a d' fhill ar Iarúsailéim ón deoraíocht. Cheap siad na Léivítigh a bhí fiche bliain d' aois nó os a chionn i bhfeighil na hoibre ar Theampall an Tiarna.
9
D' aontaigh Iéisiúa agus a chlann mhac agus a bhráithre, mar aon le Caidmíéil, [Bionúi agus Hódavá], dul i bhfeighil na muintire a bhí ag obair ar Theampall an Tiarna.
10
Nuair a bhí bunchloch shanctóir an Tiarna leagtha ag na saoir, tháinig na sagairt in éidí míne lín le stoic, agus na Léivítigh, clann Ásáf, le ciombail, d' fhonn an Tiarna a mholadh de réir reachtanna Dháiví rí Iosrael.
11
Mhol siad agus mhóraigh siad an Tiarna, «Óir is maith é, agus is seasmhach go deo é a bhuanghrá d' Iosrael.» Agus chan an pobal go léir moltaí an Tiarna in ard a gcinn is a ngutha mar go raibh buncloch Theampall an Tiarna leagtha.
12
A lán de na sagairt agus de na Léivítigh agus de na cinn finí, an seandream a chonaic lena súile cinn an Teampall [eile roimhe seo ar a mháithreacha] ghoil siad go hard ach chuir mórán eile na gártha áthais suas.
13
Níorbh fhéidir leis an bpobal na gártha áthais a aithint ó gháir na lógóireachta, mar chuir an pobal gáir chomh hard suas gur chualathas i bhfad ó bhaile í.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10