bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Habakkuk 2
Habakkuk 2
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
Seasfaidh mé ar mo thúr faire; glacfaidh mé m' ionad ar mo rampar, agus beidh mé ar m' fhaichill ansin féachaint céard a déarfaidh sé liom, nó cén freagra a thabharfaidh sé ar mo chasaoid.
2
Thug an Tiarna freagra orm ansin, á rá: «Scríobh síos an fhís; déan í a ghreanadh ar leaca ionas go mbeidh sé furasta í a léamh.
3
Óir is le haghaidh a hionú féin amháin a tugadh an fhís seo; tá sí ag tnúthán lena comhlíonadh agus ní dhéanfaidh sí bréag. Go fiú má bhíonn sí mall ag teacht, fan léi; mar tiocfaidh sí i gcrích go cinnte; ní theipfidh uirthi choíche.
4
Féach, cloítear an té nach bhfuil croí ionraic aige; ach mairfidh an fíréan de bharr a dhílse.»
5
Réamhrá
6
«Is mairg don fhear a charnann nithe nach leis féin iad cá fhad eile? agus a ualaíonn é féin le nithe a fuair sé mar bhannaí.» Nach ndéanfaidh na daoine seo go léir
7
Nach n-éireoidh do chreidiúnaithe go tobann? Nach ndúiseoidh siad siúd a chuirfidh ar ballchrith thú? Ansin creachfaidh siad thú.
8
De bhrí gur chreach tú mórán ciníocha creachfaidh na náisiúin eile go léir thusa mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d' imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti.
9
Is mairg don fhear a dhéanann brabach go héagórach ar son a theaglaigh féin, chun a nead féin a shuíomh os ard agus chun lámh an oilc a sheachaint.
10
Tá tú tar éis do theaghlach a náiriú; nuair a bhasc tú mórán náisiún, is é d' anam féin a chaill tú.
11
Óir tá na clocha féin ag glaoch amach ón mballa agus tugann na bíomaí freagra orthu ón gcreatlach adhmaid.
12
Is mairg don fhear a thógann baile le fuil agus a bhunaíonn cathair le héigeart.
13
Nach é toil Dhia na Slua é gur le haghaidh na tine a bhíonn na náisiúin ag tiaráil? agus gur saothar in aisce é saothar na gciníocha.
14
Óir líonfar an tír le heolas ar ghlóir an Tiarna mar a chlúdaíonn an t-uisce grinneall na mara.
15
Is mairg don fhear a thugann deoch dá chomharsana, agus a dhoirteann amach a chuid nimhe nó go mbíonn siad ar meisce aige le súil go bhfeicfeadh sé a nochtacht.
16
Tá tú líonta le náire in ionad na glóire. Ól tú féin chomh maith agus nocht d' fhorchraiceann. Tiocfaidh an cupán chugat ó dheasláimh an Tiarna agus cuirfidh an náire scáil ar do ghlóir.
17
Mar bascfar thú de dheasca na hainíde a thug tú ar an Liobáin agus beidh díothú na n-ainmhithe ina ábhar scéine duit, mar gheall ar an bhfuil dhaonna a dhoirt tú agus de dheasca an fhoréigin a d' imir tú ar an tír, ar an gcathair agus ar gach duine dá gcónaíonn inti.
18
Cén tairbhe é íomhá ghreanta le go ndealbhódh a déantóír í chor ar bith? nó dealbh teilgthe, oracal bréagach, le go gcuirfeadh a déantóir a mhuinín inti agus gan ach dealbha balbha á ndéanamh aige?
19
Is mairg don fhear a deir le smután adhmaid: «Múscail thú féin»; agus leis an gcloch bhalbh: «Éirigh.» An féidir le rud mar sin oracal a thabhairt uaidh? Féach, tá sé clúdaithe le hór agus le hairgead ach níl puth anála ann.
20
Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3