bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Habakkuk 3
Habakkuk 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Guí Habacúc, an fáidh; de réir fhonn na gcaointe.
2
Tá cloiste agam, a Thiarna, i dtaobh d' éachtaí; a Thiarna, cuireann do chuid oibre eagla orm. Déan arís í lenár linn féin; lenár linn féin nocht dúinn í athuair. D' ainneoin tú a bheith suaite le fearg cuimhnigh ar an trócaire a dhéanamh.
3
Tá Dia ag teacht as Téamán, agus an tAon Naofa ó Shliabh Phárán. Selah Folaíonn a mhaorgacht na spéartha agus líontar an talamh dá ghlóir.
4
Is cosúil leis an solas a dhealramh; as a lámha bladhmann gathanna gealáin. Is ansin atá a chumhacht faoi cheilt.
5
Ar a aghaidh amach gabhann an phlá; tá an fiabhras ag gluaiseacht lena shála.
6
Nuair a sheasann sé critheann an talamh. Le leagan a shúl croitear na náisiúin. Bogtar na sléibhte síoraí óna n-áit; cromann na beanna bithbhuana síos, a sheanbhealaí riamh anall.
7
Feicim bothanna Chúiseáin ar lár, agus pailliúin Thír Mhidián ar crith.
8
An bhfuil tú i bhfeirg leis na haibhneacha, a Thiarna? An in aghaidh na mara a lasann do chonfadh, go dtagann tú ag marcaíocht ar do chapaill, nó ar scuaine de do charbaid chaithréimeacha?
9
Tógann tú do bhogha as a chumhdach: cuireann tú saigheada lena shreang. Selah Scoilteann tú an talamh le srutháin.
10
Nuair a fheiceann na sléibhte thú, creathnaíonn siad. Scuabann na tuilte tréana ar aghaidh. Ligeann an duibheagán búir; ardaíonn sé a lámha chun neimhe.
11
Fanann an ghrian agus an ghealach ina n-áitreabh ó sholas do shaighead eitilte agus ó loinnir do ghathanna ruithnigh.
12
Réabann tú tríd an domhan go fraochmhar; satlaíonn tú ar na náisiúin le corp feirge.
13
Gabhann tú amach chun do phobal a shábháil, chun d' ungthach féin a shlánú. Tá barr theach an drochdhuine briste agat agus a bhunsraith nochta go dtí an charraig. Selah
14
Le do shaigheada pollann tú ceann a laochra, a thagann dár scaipeadh [le gártha áthais,] amhail is go raibh siad chun ainniseoir éigin a dhíothú go danartha ina n-uachais.
15
Pasálann tú an mhuir le do chapaill trí bhorradh na n-uiscí doimhne.
16
Tá cloiste agam; tá mo chroí corraithe; critheann mo bheola leis an nglór; leathnaíonn críonlobhadh trí mo chnámha agus lúbann mo chosa fúm. Fanaim go ciúin le lá na buartha atá le breacadh ar lucht ár n-ionsaithe.
17
Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.
18
Ach lúcháirfidh mise sa Tiarna, déanfaidh mé gairdeas i nDia, mo Shlánaitheoir.
19
Is é an Tiarna Dia mo neart; tugann sé dom luathchosa eilite; cuireann sé mé ag céimniú go daingean buach ar na harda. Do stiúrthóir an chóir: ar ghléasanna téadacha.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3