bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
John 4
John 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 5 →
1
Nuair a d' airigh an Tiarna gur chuala na Fairisínigh go raibh níos mó deisceabal á ndéanamh ag Íosa agus á mbaisteadh ná mar a bhí ag Eoin
2
fág nárbh é Íosa féin a bhí ag baisteadh ach a dheisceabail
3
d' fhág sé Iúdáia agus d' imigh sé arís don Ghailíl.
4
Níorbh fholáir dó gabháil trí dhúiche na Samáire.
5
Tháinig sé mar sin go cathair sa tSamáir darbh ainm Suchar, láimh leis an bhfearann a thug Iacób dá mhac Iósaef.
6
Ansiúd a bhí tobar Iacóib. Mar go raibh Íosa traochta ón aistear, shuigh sé ag an tobar. Timpeall an séú huair a ba ea é.
7
Tháinig bean ón tSamáir ag tarraingt uisce. Dúirt Íosa léi: «Tabhair dom deoch.»
8
Bhí a dheisceabail imithe isteach don chathair ag ceannach bia.
9
Dúirt an Samárach mná leis ansin: «Conas go n-iarrann tusa, agus gur Giúdach thú, deoch ormsa agus gur Samárach mná mé?» Ní bhíonn aon chaidreamh ag Giúdaigh ar Shamáraigh.
10
D' fhreagair Íosa: «Dá mba eol duit tabhartas Dé,» ar sé léi, «agus cé hé a deir leat: 'Tabhair dom deoch,' is tusa a bheadh ag iarraidh airsean, agus thabharfadh sé duit uisce beo.»
11
«Níl aon bhuicéad agat, a dhuine uasail,» arsa an bhean leis, «agus tá an tobar domhain. Cad as mar sin a gheobhfá an t-uisce beo seo?
12
An amhlaidh gur mó thú ná ár n-athair Iacób a thug dúinn an tobar agus gur ól sé féin as agus a chlann agus a thréada?»
13
D' fhreagair Íosa: «Gach duine a ólann an t-uisce seo,» ar sé léi, «beidh tart arís air.
14
Ach má olann aon duine an t-uisce a thabharfaidh mise dó, ní bheidh tart air go brách na breithe. Ach an t-uisce a thabharfaidh mise dó, déanfaidh tobar uisce de istigh ann, ag brúchtaíl chun na beathn síoraí.»
15
Dúirt an bhean leis: «A dhuine uasail, tabhair dom an t-uisce sin i dtreo nach mbeidh tart orm choíche, agus nach gcaithfidh mé teacht anseo ag tarraingt uisce.»
16
Dúirt sé léi: «Imigh agus glaoigh ar d' fhear agus fill anseo.»
17
D' fhreagair an bhean: «Níl fear agam,» ar sí leis. Dúirt Íosa léi: «Is maith a dúirt tú: 'Níl fear agam';
18
óir bhí cúigear fear agat agus an té atá anois agat ní hé d' fhear é. D' inis tú an fhírinne sa mhéid sin.»
19
Dúirt an bhean leis: «A dhuine uasail, feicim gur fáidh thú.
20
Ar an gcnoc seo a rinne ár n-aithreacha Dia a adhradh, ach deir sibhse gur in Iarúsailéim atá an áit in ar cóir adhradh a dhéanamh.»
21
Dúirt Íosa léi: «Creid uaimse é, a bhean go bhfuil an uain ag teacht nuair nach ar an gcnoc seo ná in Iarúsailéim a dhéanfaidh sibh an tAthair a adhradh.
22
Adhrann sibhse an ní nach eol daoibh; adhraimidne an ní is eol dúinn; mar is ó na Giúdaigh an slánú.
23
Ach tá an uain ag teacht, agus is anois féin é, ina ndéanfaidh lucht an fhíoradhartha an tAthair a adhradh sa Spiorad agus san fhírinne; óir sin iad an sórt is mian leis an Athair á adhradh.
24
Spiorad é Dia, agus lucht a adhartha is i spiorad agus i bhfírinne a chaithfidh siad adhradh.»
25
Dúirt an bhean leis: «Tá a fhios agam go bhfuil an Meisias ag teacht» is é sin le rá an Críost «agus nuair a thiocfaidh seisean inseoidh sé gach aon ní dúinn.»
26
Dúirt Íosa léi: «Mise é atá ag caint leat.»
27
Lena linn sin tháinig a dheisceabail agus rinne siad ionadh de go raibh sé ag caint le bean. Ní dúirt aon duine acu, áfach: «Cad tá uait?» ná «Cén fáth tú a bheith ag caint léi?»
28
Lig an bhean a crúsca uaithi ansin agus d' imigh léi isteach don chathair agus dúirt leis na daoine:
29
«Tagaigí go bhfeicfidh sibh fear a d' inis dom gach ní dá ndearna mé. An féidir gurb é an Criost é?»
30
Ghluais deoine amach as an gcathair agus bhí siad ag dul ina threo.
31
Lena linn sin bhí a dheisceabail ag tathant air: «A raibí,» ar siad leis, «bí ag ithe.»
32
Dúirt sé leo: «Tá agam bia le hithe nach eol daoibhse.»
33
Ansin dúirt na deisceabail lena chéile: «An féidir gur thug duine éigin rud le hithe dó?»
34
Dúirt Íosa leo: «Is é is bia domsa toil an té a chuir uaidh mé a dhéanamh agus a obair a chur i gcrích.
35
Nach ndeir sibhse ' Ceithre mhí eile agus beidh an fómhar ann'? Seo mise á rá libh: Tógaigí bhur súile agus féachaigí ar na goirt; tá siad geal chun an fhómhair.
36
Tá a thuarastal á fháil ag an mbuanaí cheana féin, agus tá toradh á bhailiú aige chun na beatha síoraí, i dtreo go bhfuil lúcháir ar an síoladóir agus ar an mbuanaí in éineacht.
37
Óir is fíor don seanfhocal sa mhéid seo: ' Cuireann duine, baineann duine eile.'
38
Sheol mise sibhse uaim chun fómhar a bhaint nár shaothraigh sibh féin. Shaothraigh daoine eile é, agus chuaigh sibhse isteach ina saothar.»
39
Chreid a lán de Shamáraigh na cathrach sin ann de bharr fhocal na mná ag tabhairt na fianaise: «D' inis sé dom gach ní dá ndearna mé.»
40
Nuair a tháinig na Samáraigh chuige dá bhrí sin bhí siad ag tathant air fanacht faróthu, agus d' fhan sé ansiúd dhá lá.
41
Ba mhó go mór a chreid de bharr a bhriathair
42
agus deiridís leis an mbean: «Ní mar gheall ar do chuid cainte a chreidimid a thuilleadh; óir chualamar féin é agus tá a fhios againn gurb é seo dáiríre Slánaitheoir an domhain.»
43
Tar éis an dá lá d' fhág sé an áit sin agus d' imigh don Ghailíl.
44
Óir Íosa féin go deimhin a thug fianaise nach bhfaigheann fáidh onóir ina dhúiche féin.
45
Ach ar theacht don Ghailíl dó dá bhrí sin ghlac muintir na Gailíle é de bhrí go bhfaca siad na nithe go léir a rinne sé in Iarúsailéim lá na féile mar chuaigh siad féin ar an bhféile chomh maith.
46
Chuaigh sé arís dá réir sin go Cána na Gailíle mar a ndearna sé fíon den uisce. Bhí oifigeach ríoga ann a raibh a mhac tinn i gCafarnáum.
47
Ar a chloisteáil dó go raibh Íosa tar éis teacht ó Iúdáia go dtí an Ghailíl, chuaigh an fear seo ag triall air agus d' iarr air teacht anuas agus a mhac a leigheas mar bhí sé le hucht báis.
48
Dúirt Íosa leis: «Mura mbíonn comharthaí agus iontais le feiceáil agaibh ní chreidfidh sibh ar aon chor.»
49
Dúirt an t-oifigeach ríoga leis: «Tar anuas, a dhuine uasail, sula bhfaighidh mo mhac beag bás.»
50
Dúirt Íosa leis: «Imigh leat, tá do mhac beo. Chreid an duine an focal a dúirt Íosa leis agus d' imigh.
51
Ina bhóthar síos dó casadh a sheirbhísigh air agus d' inis siad dó go raibh a mhac beo.
52
D' fhiafraigh sé díobh ansin cén uair a tháinig biseach air. Dúirt siad leis: «Ar an seachtú huair inné d' fhág an fiabhras é.»
53
Thuig an t-athair ansin gur ar an uair sin féin a dúirt Íosa leis: «Tá do mhac beo,» agus chreid sé féin agus a theaghlach ar fad.
54
Is í seo an dara míorúilt eile a rinne Íosa nuair a tháinig sé ó Iúdáia don Ghailíl.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21