bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
John 9
John 9
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 10 →
1
Agus ag gabháil na slí dó, chonaic sé duine a bhí dall ón mbroinn.
2
D' fhiafraigh a dheisceabail de: «A raibí,» ar siad, «cé acu a rinne an peaca, é seo nó a thuismitheoirí á rá is gur rugadh ina dhall é?»
3
D' fhreagair Íosa: «Ní amhlaidh a pheacaigh sé seo ná a thuismitheoírí; tharla seo chun go dtaispeánfaí oibreacha Dé ann.
4
Fad tá an lá ann, ní mór dúinn oibreacha an té a chuir uaidh mé a dhéanamh; tá an oíche ag teacht nuair nach féidir d' aon duine obair a dhéanamh.
5
An fad atáim ar an saol is mé solas an tsaoil.»
6
Arna rá sin dó, chaith sé seile ar an talamh agus rinne sé láib den tseile agus chuir sé an láib ar shúile an daill
7
agus dúirt sé leis: «Imigh agus nigh i Linn Siolóam» is é sin le rá, Seolta. D' imigh sé, nigh é féin agus d' fhill agus a radharc aige.
8
Dúirt a chomharsana ansin, agus an dream a chonaic é roimhe sin, ag iarraidh déirce: «Nach é seo an té a bhíodh ina shuí ag lorg déirce?» Dúirt daoine: «Is é.»
9
Dúirt daoine eile: «Ní hé, ach is cosúil leis é.» Dúirt sé féin: «Is mé é.»
10
Dúirt siad leis ansin: «Conas a osclaíodh do shúile mar sin?»
11
D' fhreagair sé: «An fear sin ar a dtugtar Íosa, rinne sé láib agus smear sé ar mo shúile í, agus dúirt liom: 'Imigh go Linn Siolóam agus nigh.' D' imigh mé dá réir sin, nigh mé, agus tháinig mo radharc dom.»
12
D' fhiafraigh siad: «Cá bhfuil sé?» «Níl a fhios agam,» ar sé.
13
Thug siad chun na bhFairisíneach an té seo a bhí dall tráth.
14
Ba é an tsabóid é an lá a rinne Íosa an láib agus a d' oscail sé súile an duine.
15
D' fhiafraigh na Fairisínigh de arís mar sin conas a fuair sé a radharc. Dúirt sé leo: «Chuir sé láib ar mo shúile, nigh mé agus tá mo radharc agam.»
16
Dúirt cuid de na Fairisínigh ansin: «Ní ó Dhia an duine seo mar ní choinníonn sé an tsabóid.» Dúirt cuid eile: «Conas is féidir duine peacúil a dhéanamh míorúiltí mar iad seo?» Agus bhí aighneas eatarthu.
17
Dúirt siad arís leis an dall dá bhrí sin: «Cad deir tusa mar gheall air ó d' oscail sé do shúile?» D' fhreagair sé: «Fáidh is ea é.»
18
Ansin ní chreidfeadh na Giúdaigh go raibh sé dall agus go bhfuair sé a radharc nó gur ghlaoigh siad ar athair agus ar mháthair an té a fuair a radharc
19
agus gur cheistigh siad iad: «An é seo bhur mac a deir sibh a rugadh ina dhall?» ar siad. «Conas go bhfuil radharc anois aige, mar sin?»
20
D' fhreagair a thuismitheoirí: «Is eol dúinn,» ar siad, «gurb é ár mac é, agus gur dall a rugadh é.
21
Ach conas go bhfuil radharc anois aige, ní eol dúinne, ná cé a d' oscail a shúile ní eol dúinne. Cuirigí ceist air féin; tá sé in aois fir; labhróidh sé ar a shon féin.»
22
Labhair a thuismitheoirí mar sin mar bhí eagla na nGiúdach orthu. Óir bhí sé socair cheana ag na Giúdaigh aon duine a d' admhódh gurbh é an Críost é a dhíbirt as an tsionagóg.
23
Mar gheall air sin is ea a dúirt a thuismitheoirí: «Tá sé in aois fir; cuirigí ceist air féin.»
24
Ansin ghlaoigh siad arís ar an duine a rugadh ina dhall, agus dúirt siad leis: «Tabhair glóir do Dhia! Tá a fhios againne gur peacach an duine sin.»
25
D' fhreagair seisean iad ansin: «Más peacach é níl a fhios agam; tá a fhios agam aon ní amháin, go raibh mé i mo dhall ach anois go bhfuil radharc agam.»
26
Dúirt siad leis ansin arís: «Cad a rinne sé leat? Conas a d' oscail sé do shúile?»
27
D' fhreagair sé iad: «D' inis mé cheana daoibh é, agus ní éistfeadh sibh; cad ab áil libh á chloisteáil arís? An amhlaidh gur mian libhse a bheith in bhur ndeisceabail aige chomh maith?»
28
Chaith siad asacháin leis ansin agus dúirt: «Bí-se i do dheisceabal aige siúd, ach is deisceabail do Mhaois sinne.
29
Tá a fhios againn gur labhair Dia le Maois; ach an fear seo, ní fios dúinn cad as ar tháinig sé.»
30
D' fhreagair an fear: «Is iontach an rud é go deimhin,» ar sé leo, «nach bhfuil a fhios agaibh cad as dó, agus gur oscail sé mo shúile domsa.
31
Tá a fhios againn nach n-éisteann Dia le peacaigh, ach cibé ar a bhfuil eagla Dé agus a dhéanann a thoil, éisteann sé leis sin.
32
Níor chualathas riamh ó thús an domhain gur oscail aon duine súile duine a rugadh ina dhall.
33
Mura mbeadh gur ó Dhia an duine seo, níorbh fhéidir leis aon ní a dhéanamh.»
34
D' fhreagair siad agus dúirt leis: «I bpeacaí a rugadh thusa ar fad, agus an dár dteagasc-na atá tú?» Agus chaith siad amach é.
35
Chuala Íosa gur chaith siad amach é, agus nuair a fuair sé é dúirt sé leis: «An gcreideann tú i Mac an Duine?»
36
D' fhreagair seisean: «Cé hé féin, a thiarna?» ar sé leis «chun go gcreidfinn ann.»
37
Dúirt Íosa leis: «Tá sé feicthe agat, agus an té atá ag caint leat is é é.»
38
Dúirt seisean: «Creidim, a Thiarna,» agus rinne sé ómós dó.
39
Dúirt Íosa: «Is chun breithiúnais a tháinig mé ar an saol seo, i dtreo go bhfeicfeadh an dream nach bhfeiceann, agus go ndallfaí an dream a fheiceann.»
40
Chuala cuid de na Fairisínigh a bhí ina fhochair na focail sin agus dúirt siad leis: «Ní amhlaidh, ar ndóigh, atáimidne dall chomh maith?»
41
Dúirt Íosa leo: «Dá mbeadh sibh dall, ní bheadh peaca oraibh, ach anois deir sibh: 'Tá radharc againn,' agus leanann bhur bpeaca oraibh.»
← Chapter 8
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 10 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21