bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Joshua 3
Joshua 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 4 →
1
Go luath ar maidin d' éirigh Iósua agus scoir an campa agus ar aghaidh leis ó Shitím agus muintir Iosrael go léir fairis. Shroicheadar bruach na Iordáine agus shuíodar campa ann roimh dhul anonn.
2
Faoi chionn trí lá ghabh na hoifigigh tríd an gcampa
3
agus thug na treoracha seo don phobal: «Nuair a fheicfidh sibh áirc chonradh an Tiarna bhur nDia agus na sagairt Léivíteacha á hiompar, ní foláir daoibh imeacht ó bhur stáitse agus í a leanúint
4
i dtreo go mbeadh a fhios agaibh cén treo ina bhfuil sibh le dul mar nár ghabh sibh an tslí seo riamh cheana. Ach bíodh spás timpeall dhá mhíle banlámh idir sibh féin agus an áirc; ná téigí ina gaire.»
5
Dúirt Iósua leis an bpobal: «Naomhaígí sibh féin, óir déanfaidh an Tiarna míorúiltí in bhur measc amárach.»
6
Agus dúirt Iósua leis na sagairt: «Tógaigí in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh libh roimh an bpobal.» Agus thógadar in airde áirc an chonartha agus ar aghaidh leo roimh an bpobal.
7
Dúirt an Tiarna le Iósua: «Inniu féin tosóidh mé ar thú a mhóradh i radharc Iosrael go léir d' fhonn go mbeadh a fhios acu go mbeidh mé faratsa faoi mar a bhíos fara Maois.
8
Agus tabhairse an t-ordú seo do na sagairt a iompraíonn áirc an chonartha: 'Nuair a shroichfidh sibh bruach uiscí na Iordáine stadaigí in bhur seasamh sa Iordáin féin.'»
9
Agus dúirt Iósua le clann Iosrael: «Druidigí i leith agus éistigí le briathra an Tiarna bhur nDia.»
10
Dúirt Iósua: «Leis seo a bheidh a fhios agaibh go bhfuil Dia beo in bhur measc, agus go dtiomáinfidh sé amach go cinnte na Canánaigh, na Hitigh, na Hivigh, na Pirizigh, na Giorgáisigh, na hAmóraigh, agus na Iabúsaigh.
11
Féach, tá áirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, le gabháil thar Iordáin romhaibh amach.
12
Toghaigí dáréag fear gan mhoill, dá bhrí sin, as treibheanna Iosrael, fear as gach treibh.
13
Na sagairt le háirc chonradh Thiarna an domhain ar fad, a luaithe a leagfaidh siad boinn a gcos ar uiscí na Iordáine, stopfaidh uiscí na Iordáine ina gcúrsa, agus stadfaidh na huiscí uachtair in aon mheall amháin ar a gcúrsa anuas.»
14
Nuair a scoir na daoine campa chun gabháil thar Iordáin, thug na sagairt áirc an chonartha leo roimh an bpobal amach.
15
A luaithe a shroich lucht iompair na háirce an Iordáin agus gur bhain cosa na sagart a bhí á hiompar le himeall na n-uiscí bíonn an Iordáin ag cur thar a bruacha go léir le linn an fhómhair
16
stad na huiscí uachtair go léir agus rinne meall mór díobh thar réimse mhór ó Adám, cathair atá lámh le Záratán; agus iad siúd a shníonn síos i dtreo Mhuir an Arabá, Muir an tSalainn sé sin, scaradh ar fad óna bhfoinsí iad. Ghabh an pobal thar abhainn os comhair Ireachó.
17
Na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna, sheasaíodar ar thalamh tirim i lár na Iordáine agus lean clann Iosrael go léir orthu anonn cos tirim nó go raibh an abhainn curtha díobh ag an gcine go léir.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24