bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Joshua 4
Joshua 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 5 →
1
Nuair a bhí an pobal go léir gafa thar Iordáin anonn, dúirt an Tiarna le Iósua:
2
«Roghnaigh dáréag fear as an bpobal, fear as gach treibh,
3
agus tabhair an t-ordú seo dóibh: 'Tógaigí dhá chloch déag ón áit seo, ó leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart agus tugaigí anonn libh iad, agus fágaigí iad san áit ina gcuirfidh sibh fúibh anocht.'»
4
Ansin ghlaoigh Iósua ar an dáréag a roghnaigh sé as clann Iosrael, fear as gach treibh,
5
agus dúirt sé leo: «Ar aghaidh libh roimh áirc an Tiarna bhur nDia go lár na Iordáine, agus tógadh gach duine agaibh cloch ar a ghualainn, ag freagairt do líon treibheanna Iosrael,
6
chun cuimhneachán a dhéanamh air seo in bhur measc; nuair a chuirfidh bhur gclann ceist oraibh sna blianta le teacht: 'Cad é an chiall atá agaibh leis na clocha seo?'
7
déarfaidh sibhse leo: 'Dheighil uiscí na Iordáine ó chéile roimh áirc chonradh an Tiarna, agus nuair a ghabh sí thar Iordáin d' imigh uiscí na habhann ar ceal. Is cuimhneachán síoraí ag clann Iosrael air sin na clocha seo.'»
8
Rinne clann Iosrael mar a dúirt Iósua leo; thógadar dhá chloch déag as leaba na Iordáine ag freagairt do líon treibheanna Iosrael, mar a dúirt an Tiarna le Iósua; thugadar anonn chun an champa iad agus leagadar ansiúd iad.
9
Ansin chuir Iósua dhá chloch déag ina seasamh i leaba na Iordáine, mar ar luigh cosa na sagart a d' iompar an áirc; tá siad ansiúd go dtí an lá atá inniu ann.
10
Sheas na sagairt a bhí ag iompar na háirce i leaba na Iordáine nó go raibh gach ní curtha i gcrích dár aithin an Tiarna do Iósua a insint don phobal de réir gach ní dár ordaigh Maois do Iósua. Ghabh an pobal anonn faoi dheifir
11
agus nuair a bhí an pobal go léir dulta anonn, ghabh áirc an Tiarna anonn, agus na sagairt ag ceann an phobail.
12
Ghabh na Reúbaenaigh, na Gádaigh, agus leath-threibh Mhanaise anonn faoi airm roimh chlann Iosrael amach mar a d' ordaigh Maois dóibh.
13
Ghabh timpeall daichead míle fear díobh faoi airm chatha thar abhainn anonn chun cogaidh, roimh an Tiarna, i dtreo mhachairí Ireachó.
14
An lá úd rinne an Tiarna gaiscíoch de Iósua i súile Iosrael go léir; bhí eagla orthu roimhe faoi mar a bhí roimh Mhaois gach lá dá shaol.
15
Dúirt an Tiarna le Iósua:
16
«Ordaigh do na sagairt atá ag iompar áirc na Fianaise teacht aníos as an Iordáin.»
17
Thug Iósua an t-ordú do na sagairt dá bhrí sin: «Tagaigí aníos as an Iordáin.»
18
18a Agus nuair a tháinig na sagairt a bhí ag iompar áirc chonradh an Tiarna aníos as an Iordáin, a luaithe a leagadh boinn chosa na sagart ar an talamh tirim, d' fhill uiscí na Iordáine ar a leaba agus shníodar ar aghaidh mar a dhéanaidís riamh.
19
18b Tháinig an pobal aníos as an Iordáin ar an deichiú lá den chéad mhí agus shuíodar a gcampa ag Gilgeál lastoir de Ireachó.
20
19 Maidir leis an dá chloch déag a tógadh as an Iordáin, chuir Iósua ina seasamh iad i nGilgeál.
21
20 Ansin dúirt sé le clann Iosrael: «Nuair a chuirfidh bhur gclann ceist ar a n-aithreacha sna laethanta le teacht: 'Cén chiall atá leis na clocha seo?'
22
21 abraigí leo: 'Gabh clann Iosrael thar an Iordáin seo cos tirim';
23
22 mar thriomaigh an Tiarna bhur nDia uiscí na Iordáine romhaibh, nó go raibh sibh gafa thairsti, mar a rinne an Tiarna bhur nDia le Muir na nGiolcach a thriomaigh sé romhainn nó go rabhamar gafa thairsti,
24
23 i dtreo go mbeadh a fhios ag muintir an domhain uile a thréine atá lámh an Tiarna, agus go mbeadh urraim agaibh féin go deo don Tiarna bhur nDia.»
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24