bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Romans 4
Romans 4
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
1
a Fíréanaíodh Abrahám
2
Más mar gheall ar a ghníomhartha a fíréanaíodh Abrahám, tá cúis mhórála aige, ach ní i bhfianaise Dé é,
3
mar cad é seo a deir an scrioptúr: «Chreid Abrahám Dia agus áiríodh é sin mar fhíréantacht aige.»
4
Nuair a dhéanann duine píosa oibre ní mar aisce a áirítear a thuarastal ach mar cheart.
5
An duine, áfach, nach ndéanann aon ní ach creidiúint sa té a fhíréanaíonn an t-éagráifeach, áirítear a chreideamh mar fhíréantacht aige.
6
Ar an gcuma chéanna go díreach tráchtann Dáiví ar aoibhneas an duine ag a n-áiríonn Dia fíréantacht gan spleáchas do ghníomhartha:
7
Is aoibhinn dóibh siúd ar maitheadh a gcionta dóibh agus ar clúdaíodh a bpeacaí.
8
Is aoibhinn don duine nach gcuireann an Tiarna a pheaca ina leith.
9
An do mhuintir an timpeallghearrtha an t-aoibhneas seo nó fós don mhuintir atá gan timpeallghearradh? Táimid a rá «gur áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht ag Abrahám».
10
Ach conas a áiríodh? Tar éis a thimpeallghearrtha nó sular timpeallghearradh é? Ní tar éis a thimpeallghearrtha é ach roimhe sin,
11
mar is amhlaidh a fuair sé comhartha an timpeallghearrtha mar shéala ar an bhfíréantacht a bhí aige de bharr a chreidimh sular timpeallghearradh é. Is sinsear é, mar sin, do na daoine neamhthimpeallghearrtha go léir a bhfuil creideamh acu agus ag a n-áirítear an fhíréantacht dá bharr;
12
agus is sinsear chomh maith é don mhuintir atá timpeallghearrtha ach nach timpeallghearrtha amháin atá siad ach go leanann siad ina theanntasan lorg an chreidimh a bhí ag ár sinsear Abrahám sul ar timpeallghearradh é.
13
Ní mar gheall ar aon dlí a gealladh d' Abrahám ná dá shliocht go mbeadh sé ina oidhre ar an domhan ach mar gheall ar fhíréantacht chreidimh.
14
Mar, más iad na daoine atá i dtaobh leis an dlí is oidhrí, tá an creideamh gan bhrí agus an gealltanas gan éifeacht.
15
Go deimhin déanann an dlí fearg a chothú, mar an áit nach mbíonn dlí ní bhíonn briseadh dlí ann ach oiread.
16
Is ó chreideamh é dá bhrí sin, ionas go mbeadh an gealltanas le fáil saor in aisce, agus go mbeadh éifeacht aige do shliocht iomlán Abrahám, ní amháin don chuid sin atá i dtaobh leis an dlí ach fós don chuid atá i dtaobh le creideamh Abrahám, an té is athair dúinn go léir
17
de réir an scrioptúir: «Tá tú ceaptha agam i d' athair ar mhórán náisiún,» i bhfianaise an Dé ar chreid sé ann, an té a bheonn na mairbh agus a ghlaonn ar bith na nithe nach raibh ann.
18
Agus gan aon ábhar dóchais aige, chreid sé go dóchasach go mbeadh sé ina athair ar mhórán náisiún de réir mar a bhí ráite: «Amhlaidh sin a bheidh do shíol.»
19
Níor lagaigh ar a chreideamh ag machnamh dó ar a chorp spíonta féin bhí sé ag tarraingt ar an gcéad agus ar bhroinn mharbh Shárá.
20
Ní raibh ceist ná amhras air mar gheall ar ghealltanas Dé; go deimhin is amhlaidh a neartaíodh ina chreideamh é agus thug sé glóir do Dhia
21
mar go raibh sé lánchinnte de go bhféadfadh Dia a raibh geallta aige a chur i gcrích.
22
Sin é an fáth ar «áiríodh a chreideamh mar fhíréantacht aige».
23
Agus ní ina thaobh sin amháin a scríobhadh na focail seo: «Áiríodh mar fhíréantacht aige é»
24
ach inár dtaobhna chomh maith. Mar áireofar mar fhíréantacht againne é, de bhrí go gcreidimid sa té a thóg ó mhairbh Íosa ár dTiarna,
25
a tugadh suas mar gheall ar ár gcionta agus a tógadh ó mhairbh i gcomhair ár bhfíréanaithe.
← Chapter 3
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 5 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16