bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Romans 7
Romans 7
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
1
Nach bhfuil a fhios agaibh, a bhráithre ag caint atáim le daoine atá eolach ar chúrsaí dlí nach mbíonn duine faoi smacht an dlí ach fad is beo dó.
2
An bhean phósta, cuir i gcás, bíonn sí ceangailte ag an dlí dá fear céile fad a mhaireann sé; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ó dhlí a fir.
3
Má ghabhann sí le fear eile, mar sin, fad is beo dá fear céile glaofar adhaltrach uirthi; ach má chailltear a fear bíonn sí saor ón dlí, sa tslí nach adhaltrach í má ghabhann sí leis an bhfear eile.
4
Is é an dála céanna agaibhse é, a bhráithre; fuair sibh bás mar leis an dlí trí chorp Chríost, chun go ngabhfadh sibh le fear céile eile, leis an té úd a tógadh ó mhairbh, agus gur do Dhia a thabharfaimis toradh.
5
Mar fad a mhaireamar sa cholainn, bhíodh na hainmhianta peacúla úd a bhíonn á gcothú ag an dlí go gníomhach inár mbaill bheatha ag tabhairt toraidh don bhás.
6
Anois, áfach, ó tá bás faighte againn ó thaobh an ní úd a bhí dár gcoinneáil i ngéibheann, táimid fuascailte ón dlí chun seirbhís a dhéanamh faoi chóras nua an spioraid in ionad faoi sheanchóras an chóid scríofa.
7
Cad a déarfaimid mar sin? Gur peaca é an dlí? Ní hea ar chor ar bith. Mar sin féin ní chuirfinnse eolas ar an bpeaca murach an dlí. Ní thuigfinn cad is saint ann, ach gur dhúirt an dlí «ná santaigh».
8
Ach rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne sin d' oibrigh gach cineál saint ionam; mar in éagmais an dlí bíonn an peaca gan bhrí.
9
Lá den saol, in éagmais an dlí, bhí mise beo; ach ar theacht don aithne, bheoigh an peaca
10
agus fuair mise bás. An aithne úd a ceapadh le bheith ina cúis bheatha dom is ina cúis bháis a bhí sí,
11
mar gur rug an peaca ar an bhfaill agus trí bhíthin na haithne mheall agus mharaigh sé mé tríthi.
12
Más ea, is rud naofa é an dlí agus is rud naofa í an aithne, rud cóir maith.
13
An raibh rud maith ina chúis bháis dom, mar sin? Ní raibh ar chor ar bith, ach an peaca, i dtreo go mba léir gur peaca é dáiríre, bhain sé feidhm as rud maith chun bás a imirt orm; agus sa tslí sin trí bhíthin na haithne, go n-éireodh an peaca peacúil thar na bearta.
14
Tá a fhios againn gur rud spioradálta é an dlí; táimse collaí, áfach, agus díolta leis an bpeaca.
15
Go deimhin ní thuigim mo chuid iompair féin, mar ní hé an ní is áil liom a dhéanaim, ach an ní is fuath liom, is é a bhíonn ar siúl agam.
16
Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim aontaím dá réir go bhfuil an dlí go fónta.
17
Go deimhin féin ní mise a chuireann an beart i gcrích feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam.
18
Tá a fhios agam nach aon ní ar fónamh atá lonnaithe ionam, is é sin le rá sa chuid chollaí díom, mar bíonn fonn an dea-ghnímh orm ach ní bhfaighim ionam é a chur i gcrích.
19
An mhaith is áil liom ní dhéanaim í, ach an t-olc nach áil liom is é a dhéanaim.
20
Ach más é an ní nach áil liom a dhéanaim ní mise a chuireann i gcrích é feasta ach an peaca atá lonnaithe ionam.
21
Aithním mar sin an prionsabal seo a bheith ann: nuair is áil liom an mhaith a dhéanamh is é an t-olc a bhíonn i mo ghaobhar.
22
Mar is aoibhinn liom dlí Dé i mo chroí istigh
23
ach tugaim dlí eile faoi deara i mo bhaill bheatha agus é i ngleic leis an dlí atá i m' aigne agus ag déanamh cime díom ag dlí an pheaca atá lonnaithe i mo bhaill.
24
Ó nach mise an díol trua! Cé a fhuasclóidh ón trú seo coirp mé?
25
A bhuí le Dia go bhfuasclófar mé trí Íosa Críost ár dTiarna. Má fhágtar fúm féin mé, mar sin, is amhlaidh a bhím ag fónamh do dhlí Dé le m' aigne agus ag fónamh do dhlí an pheaca le mo cholainn.
← Chapter 6
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 8 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16