bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zephaniah 1
Zephaniah 1
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Briathar an Tiarna a labhraíodh le Zafainiá, mac Chúisí, mhic Ghadailiá, mhic Amairiá, mhic Hiziciá, in aimsir Ióisíá, mhic Ámón, rí Iúdá.
2
«Táim ar tí léirscrios a dhéanamh ar gach ní atá ar dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.
3
Scriosfaidh mé an duine agus an beithíoch; scriosfaidh mé éanlaith an aeir agus éisc na farraige (agus gach ábhar scannail agus gach rud a bhaineann tuisle as lucht an oilc) agus scuabfaidh mé an cine daonna chun siúil de dhromchla an domhain, a deir an Tiarna.
4
Agus sínfidh mé amach mo lámh in aghaidh Iúdá agus áitritheoirí uile Iarúsailéim, agus scuabfaidh mé chun siúil gach rian de Bhál as an áit seo, mar aon le hainmneacha a sheirbhíseach agus a shagart
5
iad siúd a shléachtann roimh réaltaí neimhe ar dhíonta na dtithe agus na daoine freisin a shléachtann roimh an Tiarna ach a mhionnaíonn dar Miolcom
6
(agus na daoine a iompaíonn ón Tiarna agus nach lorgann é agus ar beag orthu é).»
7
Bí i do thost i láthair an Tiarna Dia! óir tá lá an Tiarna in achmaireacht. Is ea, go deimhin, tá an Tiarna tar éis íobairt a ullmhú agus a chuid aíonna a choisreacan.
8
«Ar lá íobartha an Tiarna smachtóidh mé na feidhmeannaigh agus clann mhac an rí agus na daoine go léir a chaitheann cultacha coimhthíocha.
9
An lá sin smachtóidh mé na daoine go léir a léimeann thar an tairseach agus a líonann pálás a dtiarna le foréigean agus le camastaíl.
10
An lá sin, a deir an Tiarna, cloisfear gáir ó Gheata na nIasc agus uallfartach ón mBaile Nua agus callán mór ó na cnoic.
11
Déanaigí olagón, a áitritheoirí an Mhoirtéir; mar díothófar an lucht trádála go léir agus scuabfar chun siúil lucht meáite uile an airgid.
12
An tráth sin cuardóidh mé Iarúsailéim le lóchrainn agus smachtóidh mé na daoine sin atá ag dul i raimhre ar a ndeascadh agus a deir ina gcroí istigh: ' Ní féidir leis an Tiarna dada a dhéanamh, olc maith ná donaí.'
13
Mar sin de déanfar slad ar a maoin agus léirscrios ar a dtithe. Fiú má thógann siad tithe ní chónóidh siad iontu, agus má chuireann siad fíniúna ní ólfaidh siad a bhfíon.»
14
Tá lá mór an Tiarna in achmaireacht; tá sé sa chóngar agus é ag teacht faoi lánluas; ar lá an Tiarna tógfar gártha searbha; fiú an gaiscíoch, beidh sé ag glaoch ar chabhair.
15
Lá díbheirge an lá sin, lá buartha agus angair, lá léirscriosta agus millte, lá dorchadais agus doiléire, lá scamall agus dúnéalta,
16
lá blosctha stoc agus gártha catha in aghaidh bailte daingne agus túr ard coirnéil.
17
Agus cuirfidh mé an oiread sin anró ar dhaoine go mbeidh siad ag amharcaíl rompu amhail daoine dalla, mar pheacaigh siad in aghaidh an Tiarna scaipfear a gcuid fola mar dheannach agus a gcuid feola mar aoileach.
18
Ní fhéadfaidh a gcuid airgid ná óir iad a shábháil. Ar lá dhíbheirg an Tiarna ídeofar an domhan go léir le tine a chuid éada. Cuirfidh sé deireadh, is ea deireadh dithneasach, le háitritheoirí uile an domhain.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3