bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
/
Zephaniah 3
Zephaniah 3
Irish 1981 - (An Bíobla Naofa 1981)
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
In Aghaidh Treoraithe an Phobail
2
Ní éisteann sí leis an teachtaireacht; ní ghlacann sí leis an teagasc; ní chuireann sí a muinín sa Tiarna, agus ní thagann sí in ngar dá Dia.
3
Leoin ag búiríl is ea na huaisle atá istigh inti; mic tíre choineascracha nach raibh dada le creimeadh acu ar maidin, is ea a cuid breithiúna.
4
Bladhmairí is ea a fáithe, fir lán fill; truaillíonn a cuid sagart nithe naofa agus sáraíonn siad an dlí.
5
Istigh inti ina lár tá an Tiarna cóir; ní dhéanann sé an t-éigeart riamh. Maidin i ndiaidh maidine fógraíonn sé a bhreithiúnas; le lonradh an lae ní loiceann sé riamh. Ach níl ciall ar bith do náire ag an drochdhuine.
6
«Táim tar éis na náisiúin a dhísciú; scriosadh a dtúir choirnéil. Tá a sráideanna bánaithe agam sa chaoi nach ngabhann duine ar bith tríothu. Scartáladh a gcathracha agus níl duine ná deoraí ina gcónaí iontu.
7
Deirinn liom féin: ' Beidh eagla ortsa ar a laghad romham, agus foghlaimeoidh tú ceacht; agus ní scriosfar a háitreabh, ní bhainfear as a cuimhne go deo ná pionóis uile a chuir mé orthu siúd.' Ach ní mar sin a tharla. Is amhlaidh atá siad ag brostú chun a ngníomhartha uile a thruailliú.»
8
«Ar an ábhar sin,» a deir an Tiarna, «fan liom go dtí an lá a seasfaidh mé suas i mo chúiseoir; mar tá sé socair agam na náisiúin a chruinniú, na ríochtaí a thabhairt i gceann a chéile chun go ligfidh mé mo racht amach orthu, mo chuid feirge fíochmhaire go léir. Go deimhin, ídeofar an domhan go léir le tine mo chuid éada.
9
Iompú na Náisiún
10
Ón taobh thall d' aibhneacha na Cúise tabharfaidh mo chuid adhraitheoirí, iad siúd a scaip mé, ofrálacha chugam.
11
«An lá sin ní náireofar thú as na drochghníomhartha ceannairceacha a rinne tú i m' aghaidh. Mar tógfaidh mé as do lár ansin do chuid bladhmairí uaibhreacha; agus uaidh sin amach ní bheidh tú ag siúl timpeall go toirtéiseach níos mó ar mo shliabh naofa.
12
Fágfaidh mé pobal bocht uiríseal i do lár agus lorgfaidh fuílleach Iosrael dídean in ainm an Tiarna.
13
Ní dhéanfaidh siad aon éigeart, ní mó ná a inseoidh siad bréaga, agus ní bhfaighfear teanga chealgach ina mbéal. Is ea, iníorfaidh siad agus ligfidh siad a scíth, agus ní chuirfidh aon duine isteach orthu feasta.»
14
«Déan gairdeas, a iníon Shíón; tóg gártha áthais, a Iosrael; bíodh lúcháir agus gliondar ar do chroí go hiomlán, a iníon Iarúsailéim.
15
Tá an Tiarna tar éis an breithiúnas a bhí ag bagairt ort a thógáil díot agus do chuid naimhde a thiomáint chun siúil uait. Tá an Tiarna, rí Iosrael, i do lár agus ní healaí duit eagla an mhí-áidh a bheith ort níos mó.
16
An lá sin déarfar le Iarúsailéim: ' Ná bíodh eagla ort, a Shíón; ná lagtar do lámha!
17
Tá an Tiarna, do Dhia, i do lár mar laoch caithréimeach; déanfaidh sé gairdeas go spleodrach mar gheall ort. Athnuafaidh sé thú le neart a ghrá; tógfaidh sé gártha áthais ar do shon faoi mar a dhéantar ar lá an tsollúntais.
18
«Ardóidh mé an tubaiste díot sa chaoi nach mbeidh ort maslaí a fhulaingt níos mó.
19
Féach! An tráth sin cuirfidh mé deireadh leis na daoine go léir a d' imir ansmacht ort. Sábhálfaidh mé na bacaigh; baileoidh mé le chéile an mhuintir a ruaigeadh chun fáin agus gnóthóidh mé clú agus cáil dóibh i ngach aon tír ar cuireadh náire orthu inti.
20
An tráth sin, baileoidh mé sibh le chéile agus treoróidh mé féin abhaile sibh ansin. Tabharfaidh mé clú agus cáil daoibh i measc ciníocha uile an domhain, nuair a rathóidh mé sibh arís faoi bhur súile féin,» a deir an Tiarna.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3