bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Peter 1
2 Peter 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Siomon Peadar, searbhfhóghantuigh agus absdal Iósa Críosd, chum na druinge fúair creideamh comhmórluáidh rinne tré fhiréuntachd ar Ndé agus ar slánaightheóra Iósa Críosd:
2
Grása agus síothchain go ro líónmhar maille ríbh tré eólas Dé, agus Iósa ar Dtíghearna,
3
Mar do thioghluic a chúmhachd díaghasan na huile neithe dhuinne bheanas ré beatha agus ré díaghachd, tré eólas an tí do ghoir sinn chum glóire agus súbhailce:
4
Tré a dtug sé dhúinn geallamhnacha ró mhóra morluáidh: ionnus go mbíadh thrítheadh so cumann aguibh ris a nádúir dhíagha, ar mbeith dhibh ag seachna an truáillidhe atá sa tsáoghal tré ainmhían.
5
Agus fós, ar ndéunamh na huile dhúthrachda dhíbhse shá tháobh so, cuiridh súbhailcidhe ré bhur gcreideamh; agus eólas ré bhur súbhailcidhibh;
6
Agus measarrghachd ré bhur neólas; agus foighid ré bhur measarrghachdl; agus díaghachd ré bhur bhfoighid;
7
Agus cáoineas bráithreamhuil ré bhur ndíaghachd; agus grádh re bhur gcáoineas.
8
Oír ma bhíonn na neithese eadruibh, agus iad ag líonadh, do bhéuruid oruibh gan bheith díomháoin na namhthórthach a neólas ar Dtíghearna Iósa Críosd.
9
Oír an tí atá gan na neithese aige atá sé dall, agus ní léir dhó ní ar bith a bhfad úadh, ar na dhearmud dó gur glanadh é ó na sheanpheacuighibh.
10
Uime sin a dhearbhráithre, go madh móide dhéunad dibh dúthrachd, ré bhur ngairm agus re bhur dtogha do dhéunamh diongmhalta: óir má ní sibh na neithese, ni bhfuighe sibh leagadh choidhche:
11
Oír as ámhluidh so gheabhus sibh go fairsing slighe ré dul a steach a rioghachd shiorruidhe ar Dtíghearna agus ar Slánaightheóra Iósa Críosd.
12
Ar a nadhbharsa ní dhéuna mé faíllidhe ré bheith ag síorchuir na neitheannsa a gcuimhne dhíbh, bíodh go bhfuil sibh iúlmhar, agus daingean sa bhfírinne atá a lathair.
13
Achd cheana, measuim gur coir, an feadh bhías mé sa mboithse, sibhse do dhúsachd ré bhur gcur a gcoimhne;
14
Ar mbeith a fheasa agum gur fogas damh ám sgáoilte mo bhoithe, amhuil fós do thaísbéin ar Dtíghearna Iósa Críosd dhamh.
15
Agus fós do dhéun mo dhithchioll do ghnáth tair éis mimtheachd go madh héidir ribhse na neithese chuimhniughadh.
16
Oír ní ag leanmhuin do sgéultuibh ealadhanta fábhuill do bhámar, an tan do fhoillsigheamar dhíbhse cúmhachda agus teachd ar Dtíghearna Iósa Críosd, achd do chonncamar ré ar súlibh féin a mhórghachd.
17
Oír fuáir sé onóir agus glóir ó Dhía Athar, an tan tháinic a shamhuil so do ghúth chuige ón nglóir mhórghasin, Ag so mo Mhac grádhachsa, ann a bhfuil mo dheaghthoil.
18
Agus do chúalamairne an gúth sa tháinic ó neamh, ar mbeith dhúinn na fhochairsean ar a tslíabh náomhtha.
19
Agus atá aguinn bríathar na bhfáidheadh as deimhnighe ná sin; dana maith do ní sibh aire do thabhairt, amhuil do lóchrann shoillsigheas a nionad dhorcha go soillsiughadh an láoi, agus go héirghe do réult na maiden ann bhur gcróidhthibh:
20
Ar mbeith fhios so aguibh ar tús nach bhfuil fáidheadóireachd ar bith don sgriobtúr ó eidirmhíniughadh thig ó dhuine féin.
21
Oír ní réir thola duine tháinic an fháidheadoireachd a nallód: acjd do labhráidís dáoine náomhtha Dé do réir mar do seóltuighe íad ón Spiorad Náomh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3