bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Peter 3
2 Peter 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Ag so a nois an dara heipisdil, sgríobhuim chuguibh a chaired; ré bhfuilim ag togbháil suás bhur ninntine fhíorghloin dá bhur gcur a gcuimhne:
2
Ionnus go mbíadh cuimhne aguibh air na bríathruibh do labhradar na fáidhe náomhtha roimhe so, agus air a náithne tugamairne absdail an Tíghearna agus an Tslánaightheóra uáinn:
3
Ar mbeith fhios so aguibh ar tús, go dtiucfuid sna laéthibh deigheanach luchd sgige, leanfus dá nainmíanuibh féin,
4
Agus a déuruid, Ca háit a bhfuil geallamhuin a theachda? óir ón tráth fá ndeachadar na haithreacha dhéug, fanuid na huile neithe a néunsdaid ó thus an chrúthuighe.
5
Oír atáid na ainbhfios so déuntoisg go raibh neamh ann fada ó shin tré bhréithir Dé, agus an talamh sheasas go deingean as a nuisge agus ann sa nuisge:
6
Uime sin an domhan a nuáirsin, do sgriosadh é, ar dteachd don díle thairis:
7
Achd neamh agus talamh, a nois atáid da dtaisge ris an mbréithir gcéudna, dá gcoimhéud fá chomhair teineadh go lá damnuighe agus sgriosda na ndáoineadh neimhdhíagha.
8
Agus, a chaired, ná biodh an táoin níse na ainbhfios oruibh, go bhfuil éunlá amháin ag an Dtíghearna mar mhíle bliadhan, agus mile blíadhain mar eunlá amháin.
9
Ní cuireann an Tíghearna muill ar a gheallamhuin, (mar mheasuid dream áirighe muill;) achd atá sé foighideach rinne, do bhrígh nach mían ris einneach dhul amúgha, achd na huile dháoine theachd chum aithrighe.
10
Gidheadh tiucfuidh lá an Tíghearna marghaduighe sa noidhche; ann a rachuidh neamh thoruinn maille ré tormán, agus ann a mbéid na dúile ag leaghadh ré teas, agus ann a loisgfighthear an talamh agus na hoibreacha atá air.
11
Uime sin ós éigin na neithese uile do sgáoileadh ó chéile, créd an ríochd ann ar chóir dháoibhse bheith da bhur síroimchar féin go náomhtha agus go díagha,
12
Maille ré bheith dhíbh ag fuireach agus ag déunamh deithnis ré lá Dé theachd, ann a sgáoilfighthear neamh ó cheile, ar mbeith dhó tré theinidh, agus ann a mbéid na duile ag leaghadh ré teas?
13
Achd atá súil aguinne, do réir a gheallamhnasan, ré neamhuibh núadha agus ré talamh núadh, ann a gcomhnuigheann an fhiréuntachd.
14
Uime sin, a chaired, ó atá súil ris na neithibhse aguibh, bíghidh dúthrachdach chum bhur bhfághala dhósan gan cháidhe, gan chiontuibh, a siothcháin.
15
Agus measuidh foíghid fhada ar Dtíghearna mar shlánughadh; amhuil do sgríobh fós ar ndearbhráthair grádhach Pól chuguibh do réir na heagna tugadh dhó;
16
Amhuil fós ann a éipisdlibh uile, ag labhairt ionntadh ar na neithibhse; an a bhfuilid neithe áiridhe atá dothuigsighe, noch iompoighid an dream neamhfhoghlomtha neimsheasmhach ón gcéill dhírigh, amhuil do níd an chuid eile do na sgrioptúruibh mar an gcéudna, chum a ndamnuighthe féin.
17
Ar a nádhbharsin, a chaired, ó atá fios aguibh roimh láimh, tuguidh aire ribh, deagla ar mbeith meallta ré seachrán na druinge neimhdhíagha sin, go dtuitfeadh sibh ó bhur ndiongmhaltachd féin.
18
Achd bíghidh ag fás a ngrás, agus a neólas ar Dtíghearna agus ar Slanaightheóra Iósa Críosd. Glóir dhósan a nois agus go síorruidhe. Amén.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3