bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
2 Peter 2
2 Peter 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
Agus do bhádar mar an gcéudna fáidhe fallsa a measg an phobuil, amhuil bhías fós luchd teaguisg fallsa eadruibhse, noch bhéurus a steach ós íseal eireceachd dhamnuighthe, agus shéunfás an Tíghearna do cheannuigh íad, ag tarruing sgreasda obuinn orrtha féin.
2
Agus leanfuid móran a dteaguisg damnuighthe; ré maísleóchar slighe na fírinne.
3
Agus tré shaínt béid dá bhur nimcheannuigheachd maille ré bríathruibh blasda; dream dhár cinneadh fada ó shin damnughadh nách dtéid a shíneadhm agus ní ghabhann codladh an sgrios thiucfus orrtha.
4
Oír munar choigil Día na haingil do pheacuidh, achd ar na dteilgean síos go hifrionn dó, go dtug íad do shlabhraidhibh an dorchaduis chum a gcongmhála ris an mbreitheamhnus;
5
Agus monar choigil sé an seandomhan, achd gur sháor sé Náoi an tochdmhadh pearsa, seanmóntuighe na fíréuntachda, ar dtabhairt na díleann dó ar a ndomhan na ndáoineadh neimhdhíagha;
6
Agus ag déunamh luáithridh do chaithreachuibh Shoduim agus Ghomorra do dhamnuigh sé íad maille ré na sgrios, ar na ndéunamh na neisiompláir don druing do chaithfeadh a mbeatha go neimhdhíagha;
7
Agus do sháor sé Lot an firéun, do tuirsigheadh ré coinbhearsáid neamhghloin na ndáoineadh neimhdhíagha:
8
(Oír ar mbeith don fhiréun úd na chomhnuidhe eatorra, fuáir a anam firéunta a phíánadh ó lá go lá ré na ngníomharthuibh neimhdhlisdionacha, dá bhfaicsin agus dá gcluinnsin dó;)
9
As éol don Tíghearna na dáoine díagha sháoradh ó chathughadh, agus na dáoine neimhfhiréunta choimhéud go lá an bhreitheamhnuis a bpíannuid:
10
Agus go mórmhór an dream leanus ainmhíana na colla a neamhghloine, agus do bheir neimhchion ar úachdaránachd. Ar mbeith dhóibh andána, lán asda féin, ní bhíonn faitcheas ortha fá anchaint do dhéunamh ar an luchd atá a gcúmhachduibh árda.
11
An tan nach beirid na haingil féin, atá ós a gcionnsan a neart agus a gcúmhachduibh, breath mhasluigheach na naghuidh a bhfíadhnuise an Tíghearna.
12
Achd bhíd an dreamsa, mar ainmhinntibh brúideamhla, noch do crúthuigheadh chum a ngabhála agus a sgriosda, ag labhairt go masluigheach air na neithibh nach aithnidh dhóibh; sgriosfuighthear íad an a dtruáilleadh féin;
13
Agus do ghéubhuid síad túarasdal na héugcora, mar an druing mheasas gur sáimhe sógh gach láoi. Buill cháidheachda shalcha, bhíos lán dfonn ann a mealltóireachd féin an tan bhíd bhur bhfochair ar fhéusduidhibh;
14
Agá bhfuilid súile lán dadhaltrannas, agus nach bhfeudann sgur do pheacadh; ag mealladh na nanmann neimhsheasmhach: agá bhfuilid cróidhthe do bheir íad féin do ghnáth do shaint; clann na mallachd:
15
Noch do sheachuin an tslighe dhíreach, agus do chuáidh ar seachrán, ag leanmhuin luirg Bhálaaim mhic Bósoir, noch tug grádh do thúarusdal na héugcóra;
16
Achd fuáir sé achmhusán ar son a pheacuigh: do labhair an beathach balbh do ghlór dháonna agus do thoirmisg sé an mhíchiall do bhí ar an bhfáidh.
17
As tobair gan uisge íad so, neóill dá dtiomáin ré sdoirm gháoithe; agá bhfuil an dorchadas fíordhorcha dhá thaisge fá a gcomhair go síorruidhe.
18
Oír ar mbeith dhóibh ag labhairt bhríathar uáibhreach gan éifeachd, mealluid síad ré hainmhíanuibh macnusacha na colla, an dream do dhealuigh beagán ré luchd an tseachráin do leanmhuin.
19
Ag geallamhuin sáoirsi dhóibh, agus gan ionntadh féin achd seirbhísigh don truáilleadh: óir gidh bé ní bheireas buáidh ar neach, do ní an ní céudna fós seirbhíseach dhe.
20
Oír tar éis dealuighe dhóibh ré neamhghloine an tsáoghailse tré eólas an Tighearna agus an Tslanaightheóra Iósa Críosd, dá gcraiplighthear íad a rís innte, ar na sárughadh, as measa a gcríoch dheígheanach ná a dtosach.
21
Oír do bhfearr dhóibh gan eólas do bheith aca ar shlíghe na firéuntachda, ná tar éis eólais dfaghail, impogh dhóibh ó náithne náomhtha tugadh dhóibh.
22
Gidheadh do éiridh dhóibh do réir an tseanfhocail fhírinnigh, Do fhill an madradh tar a ais chum aithsgeathruighe; agus an mhuc do bhí ar na nighe chum a húnfurtaigh sa laithigh.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3