bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezra 10
Ezra 10
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
1
Anois an tan do ghuidh Esra, agus a núair do admhuimh sé, ag gul agus da theilgion féin ar lár a bhfiaghnuise thighe Dé, do chruinnigh chuige as Israel coimhthionól romhór fear agus ban agus leanabh: óir do chaóidheadar an pobal go ro ghéar.
2
Agus do fhreagair Sechaniah mhac Iehiel, áon do mhacaibh Elam, agus a dubhairt re Hesra, Do chiontuigheamar a naghaidh ar Ndé, agus thugamar mná coigcríchthe do dhaoinibh na talmhan: gidheadh fós atá a nois dóigh ann Israel a ttaóibh an neithesi.
3
Anois ar a nadhbharsin déanam cunnradh re ar Ndía, na mná uile agus an mhéid do rugadar, do chuir uáinn do réir chomhairle mo thighearna, agus na méide chriothnuighios re haithne ar Ndé, agus déantar é do réir an dlighe.
4
Eirigh; óir beanaidh dhuitsi an chúisesi: bíaidh sinne ar áon leachd: bíodh meisnéach mhaith agad, agus déan.
5
Annsin déirigh Esra, agus thug mionna ar na hárdshagartuibh, agus ar na Lebhítibh, agus ar Israel uile, go ndéanaidís do réir a nfocailsi. Agus thugadar a mionna ris sin.
6
¶ Annsin déirigh Esra súas ó lathair thighe Dé, agus do chuáidh sé go séomra Iohanan mhic Eliasib: agus a núair tháinic sé annsin, níor ith sé aran, agus níor ibh sé uisge: óir do chaói sé ar son sháruighthe na druinge noch rugadh ar siubhal.
7
Agus thugadar fúagra ar feadh Iúdah agus Ierusalem do chloinn na daóirsine uile, íad féin do chruinniughadh a ccionn a chéile a Nierusalem;
8
Agus gidh bé nach ttiucfadh fá cheann thrí lá do réir chomhairle na bprionsadh agus na sinnsior, go ttoigfidh a mhaóin uile, agus go ndeileochuidh é féin as comchruinniughadh na druinge rugadh ar siubhal.
9
¶ Annsin do chruinnigheadar fir Bheniamin agus Iúdah íad féin a ccionn a chéile go Hierusalem táobh a stigh do thrí lá. Do bí sin an náoimhadh mí, agus an fithchead lá don mhí; agus do shuigh an pobal úile a sráid thighe Dé, ar crith ar son na cúisesi, agus na fearthanna mhóire.
10
Agus do sheas Esra an sagart suás, agus a dubhairt riú, Do pheacuigheabhair, agus thugabhair mna coimhightheacha, do mhéudughadh peacuidh Israel.
11
Anois ar a nadhbharsin déanuidh faóisidin don TIGHEARNA Día bhur naithreadh, agus déanuidh a thoil: agus dealuighidh sibh féin ré muinntir na tíresi, agus ó na mhnáibh coimhightheacha.
12
Ann sin do fhreagair an comhchruinniughadh uile, agus a dubhradar do ghuth árd, Mar a dubhairt tusa, is marsin do dhéanaimne.
13
Acht is iomdha na daóine, agus is aimsir rodhoineanta í, agus ní fhéudmaoid seasamh amuigh, ní mó is obair láe no dhá lá so: óir is iomdha dhínn do chiontuigh san níse.
14
Seasaidis anois ar núachdaráin an chomhchruinnigh uile, agus tigeadh gacha a ttug mná coimhightheacha dar ccathruigh a naimsir chinte, agus sinnsir gach aon chaithreach maille ríu, agus a mbreitheamhuin, nó go bhfilltear dibhfeirg Dé fán ccás so uáinn.
15
Do cuireadh Ionatan mhac Asahel agus Iahasiah mhac Ticbhah amháin timchioll na cúisesi: agus Messullam agus Sabbetai an Lebhíteach ag cungnamh dhóibh.
16
Agus do rinneadar clann na daóirsine sin. Agus Esra an sagart, maille re cuid áirigh do thogha na naithreadh, do réir thighe a naithreadh, agus do dealuigheadh uile íad, tre na nanmanna, agus do shuigheadar ar an ccéad la don deachmhadh mí, do spíonadh na cúise.
17
Agus do críochnuigheadar re gach áonduine da ttug mná coimhightheacha fan ccéad lá don chéaidmhí.
18
¶ Agus do fríth a measg mhac na sagart thug mná coimhightheacha: eadhon, do mhacaibh Iessua mhic Iosadac, agus dá dhearbhráithribh; Maaseiah, agus Elieser, agus Iarib, agus Gedaliah.
19
Agus thugadar a lámha go ccuirfidís a mná úatha; agus íar mbeith ciontach, dofráladar reithe don tréud ar son a bpeacuidh.
20
Agus do mhacaibh Immer; Hanáni, agus Sebadiah.
21
Agus do mhacaibh Haarim; Maaseíah, Ehiah, agus Semaiah, agus Iehiél, agus Ussiah.
22
Agus do mhacaibh Passur; Elioenai, Maaseiah, Ismael, Netaneel, Iosabad, agus Elasah.
23
Mar an ccéadna do na Lebhítibh; Iosabad, agus Semei, agus Celaiah (sé sin féin Celita), Petahia, Iúdah, agus Elieser.
24
Do na cantairighibh mar ann ccéadna; Eliasib: agus do na doirseóirighibh; Sallum, agus Telem, agus Uri.
25
Tuilleamh fós Disrael: do mhacaibh Pares; Ramiah, agus Iesiah, agus Malchiah, agus Miamin, agus Eliasar, agus Malchiiah, agus Benaiah.
26
Agus do mhacaibh Elam; Mattaniah, agus Sechariah, agus Iehiel, agus Abdi, agus Ieremot, agus Eliah.
27
Agus do mhacaibh Sattu; Elioenai, Eliassib, Mattaniah, agus Ieremot, agus Sabad, agus Asisa.
28
Do mhacaibh Bebai fós; Iehohanan, Hananiah, Sabbai, agus Atlai.
29
Agus do mhacaibh Báni; Mesullam, Malluch, agus Adaiah, Iassub, agus Seal, agus Ramot.
30
Do mhacaibh Pahat‐moab; Adna, agus Chelal, Benaiah, Maaseiah, Mattaniah, Besaleel, agus Binnui, agus Manasseh.
31
Agus do mhacaibh Hárim; Elieser, Issiiah, Malchiah, Semaiah, Simeon.
32
Beniamin, Malluch, Semariah.
33
Do mhacuibh Hassum; Mattenai, Mattatah, Sabad, Eliphelet, Ieremai, Manasseh, agus Símei.
34
Do mhacuibh Báni; Maadai, Amram, agus Uel,
35
Benaiah, Bedeiah, Chelluh,
36
Bhaniah, Merímot, Eliassib,
37
Mattaniah, Mattenai, agus Iaasau,
38
Agus Bani, agus Binnui, Simei.
39
Agus Selemiah, agus Natán, agus Adaiah.
40
Machnadebai, Sassai, Sarai,
41
Asareel, agus Selemiah, agus Semariah.
42
Sallum, Amariah, agus Ioseph.
43
Do mhacaibh Nebo; Iéhiel, Mattitiah, Sábad, Sébina, Iadau, agus Ioel, Benaiah.
44
Thugadar so uile mná coimhíghtheacha: agus do bhí mná ag cuid dhíobh le a raibh clann aca.
← Chapter 9
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10