bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezra 5
Ezra 5
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 6 →
1
Ansin do thairghireadar na faighe, Haggai an faigh, agus Sechariah mhac Iddo, do na Iúduighibh do bhí ann Iúdah agus ann Ierusalem a nainm Dé Israel, dóibhsion féin.
2
Ann sin déirigh Serubbabel mhac Sealtiel, agus Iessua mhac Iosadac súas, agus do thionnscnadar tigh Dé do chur súas noch atá ann Ierusalem: agus fáighe Dé maille ríu ag congnamh dhóibh.
3
¶ Fá namsin féin tháinic Tatnai chuca, uachdarán na taoibhesi a bhus do nabhuinn, agus Setar‐bosnai, agus a ccompanuigh, agus a dubhradar marso ríu, Cia daithin daóibhse an tighse do chur súas, agus an ballaso do dhéanamh?
4
Annsin a dubhramairne ríu ar an modhso, Cá hainm an mhuinntir do ní a nobairsi?
5
Acht do bhí súil a Ndé ar sheanoiribh na Niuduigheadh, go nar fhéadadar tabhairt orra scur, nó go ttáiníc an chúis go Dárius: agus annsin dfilleadar freagra le litir a ttáobh na cúisesi.
6
¶ Cóib na litreach do chuir Tatnai ríaghlaitheóir don taóibhse do nabhuinn, agus Setar‐bosnai, agus a chompanuigh na Hapharsachitigh, noch do bhí ar an ttaóibhsi do nabhuinn, go Dárius an rígh:
7
Do chuireadar litir chuige, iona raibh scríobhtha marso; Go Dárius an rígh, a nuile shíothcháin.
8
Bíodh a fhios ag an rígh, go ndeachamairne go cúigeadh Iudeáh, go tigh an Dé mhóir, noch do rinneadh le clochaibh móra, agus do leagadh adhmad ar na balladhuibh, agus atá a nobairsi ag dul ar a haghaidh go lúath, agus atá sí ag éirghe léo.
9
Ann sin dfíafruigheamairne do na seanóiribh sin, agus a dubhramar ríu marso, Cía daithin díbhsi an tigh se do dhéanamh, agus na balladhaso do chur súas?
10
Dfíafruigheamar a nanmanna mar an ccéadna, da ninnisin dúitse, go scríobhthamóis anmanna na ndáoine do bféarr dhíobh.
11
Agus is marso do fhreagradar sinn, gha radh, Is sinne serbhísigh Dé nimhe agus talmhan, agus atámuid ag cur súas an tighe do rinneadh mórán bliadhan ó shin, noch do rinne rígh mór Disrael agus do chúir súas é.
12
Acht tar éis ar naithreadh do bhrostughadh Dé neimhe chum feirge, thug sé a láimh Nebuchadnesar rígh na Babilóine, an Caldéanach íad, noch do scrios an tighse, agus rug na daóine leís don Bhabilóin.
13
Acht annsa chéidbhliadhuin do Chirus rígh na Babilóine thug an rígh céadna sin Círus fúagra an tighse Dé do dhéanamh.
14
Agus mar an ccéadna soithighe óir agus airgid thighe Dé, noch rug Nebuchadnesar as an tteampall do bhí ann Ierusalem, agus rug íad go teampall na Baibilóine, thug Cirus an rígh íad sin amach as teampall na Babilóine, agus tugadh dáon íad, dar bhainm Sesbassar, dá ndéarna seision úachdarán;
15
Agus a dubhairt sé ris, Glac na soithighe, imthigh, beir leachd íad gus an teampall atá ann Ierusalem, agus cuirthear tigh Dé súas iona áit féin.
16
Annsin tháinic an Sesbassar sin, agus do shuighidh bunáit thighe Dé noch atá ann Ierusalem: agus ó namsin go nuige a nuairsi atá sé agá chur súas, agus ní bhfuil sé criochnuighthe fós.
17
A nois ar a nadhbharsin, mas toil leis an rígh é, déantar cúartughadh a ttigh ionmhuis an rígh, noch atá annsin san Bhabilóin, dá fhéuchuin an marsin atá, go ttug an rígh Círus fúagra an tighse Dé do dhéanamh ann Ierusalem, agus cuireadh an rígh a thoil chuguinne a ttaobh na cúisesi.
← Chapter 4
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 6 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10