bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Ezra 6
Ezra 6
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 7 →
1
Annsin do rinne Dárius an rígh órdughadh, agus do rinneadh spíonadh a ttigh na rolladh, mar ar cuireadh na hionmhuis a ttaisgidh san Bhabilóin.
2
Agus do fríth ann Achmeta, annsa bpálás atá a bprobhins na Médes, rolla, agus cuimhne scríobhtha ann marso:
3
Annsa chéidbhliadhuín do Chírus an rígh, do rinne an righ Círus céadnasin órdughadh a ttaobh thighe Dé ann Ierusalem, Cuirthear an tigh sin súas, a náit a ndéaindís íodhbuirt, agus curthar síos a bhunáit go láidir; trí fithchid cubhad ná áirde, agus trí fithchid cubhad na leithead;
4
Maille re trí líne do chlochuibh móra, agus líne do adhmad núadh: agus tugthar a ccaithfighthér leis as tigh an rígh:
5
Agus mar an ccéadna na soithighe óir agus airgid thíghe Dé, noch thug Nebuchadnessar ás an tteampall atá ann Ierusalem, agus thug leis don Bhabilóin, aisigthear iad, agus beirthear a rís íad don teampall atá ann Ierusalem, gach aóinní iona áit féin, agus suighidh íad a ttigh Dé.
6
Anois ar a nadhbharsin, a Thatnai, á úachdaráin táobh thall dabhuinn, a Shetar‐bosnai, agus do chompanuigh na Hapharsachitigh, noch atá táobh thall dabhuinn, go madh fada sibhsi ó bhuain annso:
7
Léigidh náibh do nobairsi thighe Dé; cuireadh úachdarán na Niúduigheadh agus sinnsir na Niúduigheadh tigh Dé súas iona áit féin.
8
Tuilleamh oile orduighim an ní do dhéantaoi re sinnsearuibh na Niúduigheadh do chur súas an tighesi Dé: go ttugthar go lúath do mhaóin an rígh, eudhon don chíos taobh thall dabhuinn, ní re chaitheamh ris na daoiníbhsin, chor nach ttoirmioscthar íad.
9
Agus gach ní da mbía deasbhuidh orra, araon do bhulóguibh óga, do reithighibh, agus dúanuibh, chum ofrálach loisge Dé neimhe, cruithneacht, salann, fíon, agus ola, do réir órduigh na sagart atá ann Ierusalem, tugthar dhóibh é, lá air lá gan fhaillighe:
10
Chor go nofráilfid íodhbairt deaghbholuidheach do Dhía neimbe, agus go nguidhfid ar son sláinte an rígh, agus amhac.
11
Mar an gcéadna do rinne mé órdughadh, gidh bé ar bith athrochus an focalsa, beantar adhmad ó na thigh, agus ar na chur suas, crochtar eision as; agus déantar cárnaóiligh dha thigh ar a shonso.
12
Agus go scriosuigh an Día thug fa deara a ainm dáitiughadh aunsin na huile righthe agus phobal, chuirfios a lámh datharradh agus do mhill adh an tighesi Dé atá ann Ierusalem. Misi Dárius do rinne an tordughadh; coimhlíontar é go luáth.
13
¶ Annsin do rinne Tatnai, úachtarán an taóibhsi do nabhuinn, Setar‐bosnai, agus a ccompanuigh, do réir mar do chuir Dárius an rígh chuca, do rinneadar amhluidh go lúath.
14
Agus do chuireadar sinnsir na Níuduigheadh súas, agus do chúadar ar a, naghaidh do bhrígh thairghire Haggai an fáigh agus Shechariah mhic Idde. Agus do chuireadar súas, agus do chríochnuigheadar é, do réir aithne Dé Israel, agus do réir aithne Chírus, agus Dhárius, agus Artacsercses rígh na Persia.
15
Agus do críochnuigheadh an tighse ar an treas lá don mhí Adar, noch do bhí annsa seiseadh blíadhain do ríghe Dhárius an rígh.
16
¶ Agus do congmhadar clann Israel, agus na sagairt, agus na Lebhítigh, agus an chuid oile do chloinn na daóirsine, sollamain choisrighthe an tighesi Dé maille re gáirdeachus,
17
Agus dofráladar ag sollamuin choisrighthe an tighesi Dé céud bulóg, dhá chéad reithe, ceithre chéad lubhán; agus mar ofráil pheacuidh ar son Israel uíle, dhá ghabhar dhéag fhiriouna, do réir uibhre threabh Israel.
18
Agus do shuigheadar na sagart iona ronnuibh, agus na Lebhítigh iona sealuibh, chum serbhísi Dé, noch atá ann Ierusalem; mar atá scríobhtha a leabhar Mhaóise.
19
Agus do choimhéadadar clann na daóirsine an cháisg ar an cceathramhadh lá déug don chéidmhí.
20
Oír do bhádar na sagairt agus na Lebhítigh ar na nglanadh a naóinteachd, do bhádar glan uile, agus do mharbhadar an cháisg do chloinn na daóirsine uile, agus dá ndearbhráithribh na sagairt, agus doibh féin.
21
Agus a dúadar clann Israel, an cháisg, noch tháinic a rís as an ndaoirsine, agus a nuile dhuine dar dhealuigh íad féin chuca ó shalchar ghenteadh na tíre, díarruidh an TIGHEARNA Día Israel.
22
Agus do chungmhadar féusta a naráin gan loibhin seacht lá maille re gáirdeachus: óir do rinne an TIGHEARNA sólasach íad, agus do iompóigh sé croidhe rígh na Hassíria léo, do neartughadh a lámh do dhéanamh thighe Dé, Día Israel.
← Chapter 5
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 7 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10