bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Habakkuk 1
Habakkuk 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
An túalach do chonnairc Habaccuc an fáigh.
2
O a THIGHEARNA, ga fad bhias mé ag éighiomh, agus nach ccluin tú! eadhon ag éighiomh chugad air fhoiréigion, agus nach áill leachd tárthail!
3
Créd fá ttáisbeanann tú éigceart dhamh, agus a thabhairt orum doilghios dfaicsin? óir atá cneadh agus foiréigean as mo choinne: agus atá drong ann thógbhus súas ceannairg agus imreasan.
4
Uimesin do failligheadh an dligheadh, agus ní théid breitheamhnus choidhche amach: óir íadhuid na ciontuigh a ttimchioll na bhfíréan; uime sin théid breitheamhnus éigcóir ar adhaigh.
5
¶ Féuchuidh sibhsi a measg na ngeinteadh, agus measuigh, agus iongantaigh go hiongantach: oir oibreocha misi obair ann bhur laéthibh, noch nach ccreidfidhe, dá mbeith go ninneastaói dháoibh é.
6
Oír, féuch, tógbhuim súas na Caldéanuigh, an cineadh searbh deithneasach sin, noch imthighios tre leithead na tíre, do shealbhughadh na náiteach ccomhnúidhe nach leó féin.
7
Atáid síad úathbhásach agus gúasachtach: gluáisfidh a mbreitheamhnus agus a noirdhearcus úatha féin.
8
Is Iuáithe fós a neich ná liopaird, agus is buirbe íad ná coin allta an tráthnóna: agus leathnochuid a marcshlúagh íad féin, agus tiucfuid a marcshlúagh ó imchéin; eitilfid mar an niolar dheithfrigheas dithe bídh.
9
Tiucfuid uile chum éigin: súighfid a naighthe súas mar an ngaoith a noir, agus cruinneochuid an braighdionas mar an ngaineamh.
10
Agus do dhéanuid sgige fá na ríoghaibh, agus béid na prionnsadha na ccúis mhagaidh aca: dísbeagfuid gach uile dhaingion láidir; óir crúachfuid luáithreadh, agus géabhuid é.
11
Annsin áthrochus a inntinn, agus rachfuidh sé thairis anonn, agus cinteochuidh sé, ag cur a chumhachta a leith a dhé fein.
12
¶ Nach bhfuil tusa ó shíorruighiochd, a THIGHEARNA mo Dhía, Máon Náomhtha? ní éugfuimne. A THIGHEARNA, dórduigh tú íad do breitheamhnus; agus, a Dhé chumhachdaigh, do dhaingnidh tú íad do smachdughadh.
13
Is fíorghlaine do shúile na chum uilc damharc, agus ní fhéadann tú féuchuin air éicceart: cred fa bhféuchann tú air an droing do ní go fealltach, agus bhíos tú ad thochd an tan shluigios an drochdhuine an duine is fíréunta ná é féin?
14
Agus do ní tú daóine mar íasg na fairge, amhuil na neithe snáidheacha, nach bhfuil riaghlaightheóir ós a ccionn?
15
Tógbhuid íad uile súas leis an ndubhán, gabhuid íad iona líon, agus cruinnighid íad iona líon tairngthe: uimesin gáirdighid agus bíd lúathghaireach.
16
Ar a nadhbharsin íodhbruid síad dá líon, agus loiscid túis dá bpaintéur; do bhrigh go mbí a ccomhroinn méith leó sin, agus a mbiadh fairsing.
17
An bfoilmheochuid síad a líon uimesin, agus gan choigill do ghuáth cineadhacha do mharbhadh?
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3