bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Habakkuk 3
Habakkuk 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Urnaigh Habaccuc an fáigh air Sigionot.
2
O a THIGHEARNA, do chúala mé do ghlór, agus do bhí eagla orum: a THIGHEARNA, aithbheodhuigh hobair a meadhón na mblíadhan, foillsigh a lár na mblíadhan; a bhfeirg cuimhnigh trócaire.
3
¶ Tháinig Día ó Thémah, agus an Táon Náomhtha ó shlíabh Páran. Selah. Dfoluigh a ghlóir na flaithis, agus do bhí an talamh lán dá mholadh.
4
Agus do bhí a dhéalradh mar an solus; do bhádar adharca as a láimh: agus ann sin do bhí folach a chumhachd.
5
Do chuáidh an phláigh roimhe, agus chuáidh gúal dearg amach ó na chosaibh.
6
Do sheas sé, agus do thomhais sé an talamh: dféuch sé, agus do scáoil sé ó chéile na cineadhacha; agus do spréidh sé na sleibhte síothbhúana, do chromadar na cnuic shíorruidhe: atáid a shlighthe gan fhoircheann.
7
Do chonnairc mé páilliúin Chúsan a naindeise: agus do chroithnuigh cúirtíne thíre Midian.
8
An raibh an TIGHEARNA feargach a naghaidh na nabhann? an raibh thfearg a naghaidh na nabhann? an raibh thfearg a naghaidh na fairge, as a ndearna tú marcuigheachd air heachaibh agus air charbaduibh do shlánuighthe?
9
Do rinneadh do bhodha lomnochd go huilidhe, do réir mhionna na ttréabh, thfocal. Selah. Do scoilt tú an talamh ré srothaibh.
10
Do choncadar na sléibhte thú, agus do chriothnuigheadar; do chuáidh tuile bhárr a nuisge thairis: dfoillsigh an taigéun a ghuth, agus do thóig a lámha súas go hárd.
11
Dfan an ghrían agus an ghealach na seasamh iona háit féin: dimthigheadar fa sholus do shoighead, agus fa loinnir do ghath tonnaigh.
12
Dimthigh tú thríd an ttír a bhfeirg, do bhuáil tú na geinte a ndíbhfheirg.
13
Do chuáidh tú amach ar son tárthála do dhaóine, eadhon ar son slánuighthe re hungthach; do loit tú an ceann as tigh an chiontuigh, le foillsiughadh na bunáite gus an muineal. Selah.
14
Do bhuáil tú thríd amach lé na mhaideadhuibh ceann na mbailteadh: thangadar amach mar gháoith ghuairdeáin dom scainreadhsa: budh é a ngairdeachas an bocht do shlugadh go seicréideach.
15
Dimthigh tú thríd an bhfairge lé heachuibh, tré chruinniughadh na nuisgeadh mór.
16
An tan do chúaluidh mé, do chriothnuigh mo bholg, dúasnadar mo phuisine ris an ngúth: do chuáidh lobhadh a steach ann mo chnámhuibh, agus do crith mé ionnam féin, iondus go súaimhneachuinn a ló na buaidheartha: an tan thigh sé súas chum na ndaóine, ionnsochuidh sé íad le na shlúaghuibh.
17
¶ Má atá nach bláthann an crann fíge, agus nach mó bhías toradh annsa bhfíneamhuin; fáilleachuidh sáothar crainn na holá, agus ni thiubhruid na machaireadha biadh ar bioth úatha; gearrfuighear an tréud amach ón máinrigh, agus ní bhiáid ealbha ar bioth annsua stalladhuibh:
18
Thairis sin gáirdeocha misi annsa TIGHEARNA, sólásfuidh mé a Ndía mo shlánuighthe.
19
Isé an TIGHEARNA Día mo neart, agus do dhéana sé mo chosa cosmhuil re cosaibh eilite, agus do bhéara sé orum siubhal ar máitibh árda. Don phrimhfhear ceóil ar madhbhadhuibh sreangacha.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3