bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Habakkuk 2
Habakkuk 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
Seasfuidh mé ar mo choimhéad, agus rachfa mé air na ttor, agus aireocha mé dféachuin cred a déara sé riom, agus cred fhreagoras mé an tan aithbheorthar mé.
2
¶ Agus do fhreagair an TIGHEARNA mé, agus a dubhairt, Scriobh a nfis, agus déana soilléir í air chláruibh, iondus go riothadh an té léighios.
3
Oír atá a nfis fós chum uáire cinte, acht fa dheóigh laibheoruidh sí, agus ní dhéana sí bréag: má atá go madh mall í, feith uirre; do bhrígh go ttiucfa sí go deimhin, ní anfa sí.
4
Féuch, an té ar tógbhadh súas a anam ní bhfuil go díreach ann féin: acht mairfidh an fíréun tred a chreidiomh.
5
¶ Fós mar an ccéadna, do bhrígh go cciontuighionn sé le fíon, is duine úaibhreach é, ní mó fhanas sé annsa bhaile, noch fhoirleathnuighios a mhían mar itrionn, agus go bhfuil mar an mbás, agus nach fhéidir a shásadh, acht go cruinnighionn sé chuige gach uile chineadh, agus go ccárnann sé a nuile phobal chuige:
6
Nach tóigfid so uile cosamhlachd súas na aghaidh, agus seanfhocal magaidh na aghaidh, agus a deáruid, A mhairg don té mhéaduighios an ní nach leis féin! ga fad? agus don té úaluighios é féin le críaidh thiugh!
7
Nach éireochuid androng ghoirteachus thú súas go lúath, agus nach múisceoluidh an ní thú bhuáidhirtios tú, agus biáidh tú mar éadáil aca?
8
Do bhrígh gur mhill tú iomad cineadhach, millfidh uile íarsma na ndaóine thusa; ar son fola daóine, agus ar son éigne na tíre, na caithreacha, agus a nuile dhuine chomhnuighios inte.
9
¶ A mhairg don té shantuighios drochshaint da thigh, iondus go suigheocha sé a nead go hárd, chor go sáorfuidhe é ó chumhacht a nuilc!
10
Do chomhairligh tú náire dot thigh le gearradh mhórain daóine, do pheacuigh tú a naghaidh hanma féin.
11
Oír comhaircfidh an chloch as an mballa, agus freigeoruidh an tsail as a nadhmad í.
12
¶ A mhairg don té do ní baile le fuil, agus shuighios cathair le héigceart!
13
Féuch, nach ó TIGHEARNA na slógh atá go saothrachuid na daóine annsa teine féin, agus coirfid na ndaóine íad féin ar son díomháoinis?
14
¶ Oír líonfuighior an talamh le héolus ghlóire an TIGHEARNA, mar fholuighid na huisceadha a nfairge.
15
¶ A mhairg don tí do bheir deoch dá chomharsoin, chuirios do bhuideal chuige, agus fós chuirios ar meisge é; chor go bféuchfa air a lomnochduigh.
16
Atá tú líonta do náire a náit glóire: ibhse fós, agus bíodh do réimhchroicionn leis: iompochthar cupán láimhe deise an TIGHEARNA chugadsa, agus biaidh sceathrach náireach air do ghlóir.
17
Oír foileochuidh éigion Lebanon thú, agus creach bheathach, noch do chuir eagla orra, ar son fola daóine, agus ar son éigine na tíre, na caithreacha, agus a nuile dhuine aitrighios ínte.
18
¶ Cred tharbhuighios a níomháigh ghreanta ar ghrean fear a hullmhuighthe í; a níomháigh leaghtha, agus teagasgóir bréug, as a ndóthchusuighionn fear déanta a oibre féin ann, do dhéanamh iodhal mbalbh?
19
A mhairg don tí a deir ris an maide, Múscail; ris an ccloich mbalbh, Eirigh, teagoscúidb sí? Féuch, do córughadh í air fad dór agus dairgiod, agus ní bhfuil anál ar áonchor iona lár.
20
Acht atá an TIGHEARNA iona theampall náomhtha: bíodh an talamh uile na thochd dá lathair.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3