bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Job 13
Job 13
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 14 →
1
Feuch, do chonnairc mo shúil se uile, do chúala mo chlúas agus do thuig sí é.
2
An ní is fios dáoibhse, atá fios an neithe céadna agumsa: ní bhfuilim ní is ísle ná sibh.
3
Go deimhin budh mían liom labhairt ris a nuile chumhachdach, agus atá fonn orum aighnios do dhéanamh ré Día.
4
Acht go deimhin is luchd cumtha bréag sibhsi, is leagha nach fíu éinni sibh uile.
5
Uch nach éistí uile; agus budh é sin bhur ccríonnachd.
6
Eístigh a nois rem aighnios, agus tugaidh aire do dhíospóireacht mo bhéil.
7
An laibheorthaói go cláon ar son Dé? agus a ndéantáoi caint go mealltach ar a shon?
8
An ngéubhthaói a phearsa chugaibh? a ndéantaói imreasain ar son Dé?
9
An maith go spíonfadh sé amach sibh? no mar fhochmhuideas duine ar óile, an marsin budh áill libhsi magadh do dhéanamh airsion?
10
Go deimhin aithfeoruidh sé oruibh, má ghlacthaói pearsanna go secréideach.
11
Nach déana a oirdhearcussan eaglach sibh? agus nach ttuitfidh a úamhan oruibh?
12
Atá bhur ccuimhne cosmhuil ré luáith? bhur ccuirp re corpuibh críadh.
13
Bíthi bhur ttochd díomsa, léigidh dhamh, go labhra mé, agus tigeadh orum an ní is áill.
14
Cred fá nglacuim mfeóil á mfíacluibh, agus fá ccuirim mo bheatha ann mo láimh?
15
Dá mbeadh go muirfeadh sé mé, thairis sin cuirfe mé mo dhóigh ann: acht coiséona mé mo shlighthe féin dá lathair.
16
Budh eision fós mo shlánughadh: óir ní thiucfaidh fúarchráibhtheach dá lathair.
17
Eistigh go dúthrachdach rem ghlór, agus rem fhoillsiughadh le bhur cclúasaibh:
18
Féuchuidh anois, do chuir mé mo chúis a nórdughadh; atá a fhios agum go cceirteochthar mé.
19
Cía hé féin thaigeorus riom? óir anois, má bhím am thochd, faóidhfidh mo spiorad asum.
20
Amháin ná déana dhá ní riom: annsin ní fhoileochuidh mé mé féin uáit.
21
Tarruing do lámh a bhfad uáim: agus ná cuireadh húamhan eagla orum.
22
Annsin goirse, agus freagoruidh mé: nó léig dhamh labhairt, agus tabhairsi freagra orum.
23
Cred é uibhir méigceart agus mo pheacadh? tabhair orum mo shárughadh, agus mo pheacadh daithniughadh.
24
Cred fá bhfolchann tú haghaidh, agus fá measann tú misi am námhuid dhuit?
25
An mbrisfidh tú duilléog teilgthe anonn sa nall? agus an ngérleanfa tú an connlach tirim?
26
Oír scríobha tú neithe searbha am aghaidh, agus do bheir tú orum sealbhughadh a néigceart móige.
27
Cuiridh tú mo chosa mar an ccéadna annsa cheap, agus féachuidh tú go cáol ann mo chasánuibh uile; cuiridh tú cló ar sháluibh mo chos.
28
Agus eision, imthighidh sé as, mar ní lobhtha, amhail éadach ithid léamhuinn.
← Chapter 12
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 14 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42