bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Job 24
Job 24
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 25 →
1
Cred uime, ó nach bhfuilid na haimseara air ceilt ó a Nuilechumhachdach, nach bhfaicid an drong darab aithnid é a láethe?
2
Athruighid dream comharthadha a nfearuinn; beirid tréuda ar éigin léo, agus ithid cuid díobh.
3
Tiománuid rompa asal na ndilleachdadh, glacaid damh na baintreabhuigh mar gheall.
4
Iompoighid an ríachdanach as a tslighe: folchuid boichd na talmhan íad féin a bhfochair a chéile.
5
Féuch, mar assaluibh fiadhta annsa díothramh, téid síad amach chum a noibre; ag éirghe go moch chum creiche: do bheir an fasach beatha dhóibh féin agus dá ccloinn.
6
Beanuidh gach aon aca a arbhar annsa mhachaire: agus cruinnighid fíneamhuin an drochdhuine.
7
Do bheirid ar an tárnochd luighe gan éadach, go nach bí folach aca annsa bhfúachd.
8
Bíd fliuch ó cheathaibh na slíabh, agus glacuid chuca an charraic duireasbhuidh fascuigh.
9
Tairngid síad an dílleachda ón chích, agus beirid geall ón bhocht.
10
Do bheirid air imtheacht lomnachd gan éadughadh, agus beirid ann phunnann ón nocrach;
11
Noch do ní ola táobh a stigh dá mballadhuibh, agus bhruidhios a bhfíneamhuin, agus fhuilingios tart.
12
Bíd daóine ag osnadhuigh táobh amuich don chathruigh, agus éighidh anum an chréuchtuigh ós aird: thairís sin ní chuirionn Día leimhe na leith.
13
Atáid so don druing chathuighios a naghaidh an tsoluis; ní bhfuil fios a sligheadh aca, ní fhanuid ann a chasánuibh.
14
An fealltach ag éirghe leis an tsolus marbhuidh sé an bocht agus an tí air a mbíonn riachdanus, agus ann sa noidhche bídh mar ghaduidh.
15
Bí súil a nadhaltrannuigh mar an gcéadna ag feithiomh ris an maidin, ghá rádh, Ní fhaicfidh áonsúil me: agus folchuigh sé a ghnúis.
16
Annsa dorchadus tochluid síad tré thighthibh, noch do chomharthuigheadar dhóibh féin san ló: ni aithnighid an solus.
17
Oír bí an mhaidion dóibhsion amhail scáile an bháis: má aithnighionn áonduine íad, bíd a ccreathuibh scáile an bháis.
18
Lúath é mar na huisceadhuibh; is malluigh a chuid ronna ar an ttalamh: ní amhairceann sé slighthe na bhfíneamhnach.
19
Fúaduighidh tiormach agus teas na huisceadha sneachda: mar sin do ní a nuáigh ris an ndroing do pheacuigheas.
20
Dearmodfuigh an bhru é; beathochuidh an phéist go milis air; ní cuimhneochthar ní sa mhó é; agus stíallfuighthear an tolc mar chrann.
21
Bí sé go holc ris an díosc nach beirionn: agus ní dhéanann maith don bhaintreabhuigh.
22
Táirngidh sé mar an gcéadna an cumhachdach le na neart: éirghidh sé súas, agus ní bhía aóinneach daingionn as a mharthuinn.
23
Bíodh gur tugadh dhó bheith a ndaingean, ar a mbí a shuáimhneas; thairis sin bíd a shúile ar a slighthibhsion.
24
Tógthar súas íad ar feadh tamuill, acht ní bhuilid ann agus beirthior síos íad; beirthior as a tslighe íad mar a nuile dhuine oile, agus géarrthar amach íad mar cheannuibh déus arbha.
25
Agus mun budh mairsin atá anois, cía dhéanas misi bréagach, agus dhéanas mo ghlór beagluáich.
← Chapter 23
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 25 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42