bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Job 39
Job 39
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 40 →
1
An aithnid duit a nuáir bheirid gabhair fhíadhta na cairge? nó an bhféadann tú a chomharthughadh ca huáir bheirid na heilite laóigh?
2
An bhféadann tú na míosa chomháireamh noch iomlánuid síad? no an aithnid dhuit a naimsir a mbeirid siad?
3
Cromaid síad íad féin, beirid a laóigh óga, teilgid díobh a ndóbrón.
4
Bíd a laóigh óga a ccruth maith, fásuid síad súas le harbhar; tiaghuid amach, agus ní aithfhillid chucasan.
5
Cía chuir amach an tassal fíadhuin sáor? nó cía sgáoil ceangal a nassail fhiadhta?
6
Dá ndéarna mé a thigh do nfásach, agus an fearann díosg a áitreabh.
7
Ní bhi suim aige a niomad daoineadh na caithreach, ní mó bhíos suim aige a bhfógra an cheannaire.
8
Ráon na slíabh is innbhear dhó, agus spíonuidh sé a ndiáigh gach aóinneithe glas.
9
An mbía an tunícorn umhal ar shéirbhís do dhéanamh dhuitse? nó an bhfanfa sí ag do mhainnséar?
10
An bhféadann tú an tunícorn do cheangal le na cuing annsa neitrighe? nó an bhfoirsfidh sé na gleanta ad dhiáigh?
11
An ttáobhtha tú é, do bhrígh gur mór a neart? nó an bhfúigfidh tú do sháothar táobh ris?
12
An ccreidfidh tú é, go ttiubhra sé do shíol don bhaile? agus go ccruinneochuidh sé a steach dot scioból é?
13
An tusa thug na sciatháin bhréadha do na péacógaibh? nó sciatháin agus cleiteach do níascaire cháirneach?
14
Noch fhágbhus a huighe annsa talamh, agus théighios íad a lúaithreadh,
15
Agus dearmaduidh go bhféadann an chos a mbrughadh, nó an beathach álta a mbriseadh.
16
Cruadhuighthear í a naghaidh a héun óg, mar budh eadh nach ar lé íad: as diomhaóin a sáothar gan eagla;
17
Do bhrígh gur bhean Día a gliocus dí, ní mó do roinn sé tuigse ría.
18
A nuáir thógbhus sí í féin súas go hárd, dísbeaguigh sí an teach agus an marcach.
19
An tusa thug neart don neach? nar éaduigh tú a mhuineal lé tóirnigh?
20
An bhféadann tú a dhéanamh eaglach amhuil dréollán teasbhuidh? is úathbhásach glóir a pholláireadh.
21
Tochluidh sé re na chosa annsa ghleann, agus gáirdighidh sé ann a neart: théid ar a aghaidh do theagmháil ris na fearuibh armtha.
22
Bí sé ag magadh fán eagla, agus ní bhí úamhan air; ní mó fhilleas sé ar a ais ón ccloidhiomh.
23
Siurdánnigh an bolgán soighead na aghaidh, an gath loinnreach agus an scíath.
24
Brisidh sé an talamh le cuthach, agus lé buile: agus ní bhíonn sé socair ré fuáim an stuic.
25
A deir sé a measc na stoc, Ha, ha; agus boltnuighidh sé an cath a bhfad úadh, tóirneach na ccaiptíneadh, agus a nfuáimneach.
26
An led ghliocus eitiollas an seabhac, agus shíneas sí a sciatháin don táobh ó dheas?
27
An air do chomhairle éirghios an tiolar súas, agus do ní a nead a náirde?
28
Aítreabhuidh sí agus fanaidh air an ccarruic, ar chreagach ná haille, agus na háite daingne.
29
As sin íarruidh sí a beatha, agus do chíd a súile a bhfad uaithe.
30
Súghuid a héain óga súas fuil: agus mar a mbíd na mairbh, is annsin bhías sise.
← Chapter 38
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 5
Chapter 6
Chapter 7
Chapter 8
Chapter 9
Chapter 10
Chapter 11
Chapter 12
Chapter 13
Chapter 14
Chapter 15
Chapter 16
Chapter 17
Chapter 18
Chapter 19
Chapter 20
Chapter 21
Chapter 22
Chapter 23
Chapter 24
Chapter 25
Chapter 26
Chapter 27
Chapter 28
Chapter 29
Chapter 30
Chapter 31
Chapter 32
Chapter 33
Chapter 34
Chapter 35
Chapter 36
Chapter 37
Chapter 38
Chapter 39
Chapter 40
Chapter 41
Chapter 42
Chapter 40 →
All chapters:
1
2
3
4
5
6
7
8
9
10
11
12
13
14
15
16
17
18
19
20
21
22
23
24
25
26
27
28
29
30
31
32
33
34
35
36
37
38
39
40
41
42