bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Malachi 1
Malachi 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
1
Ualach bhreithre an TIGHEARNA do Israel tré Mhalachi.
2
Do ghrádhuigh mé sibh, a deir an TIGHEARNA. Gidheadh a dearthaói, Ciodh ionar ghrádhuigh tú sinn? Nach ar bhé Esau dearbhrathair Iácob? a deir an TIGHEARNA: gidheadh do ghrádhuigh misi Iácob,
3
Agus do fhúathuigh mé Esau, agus dfág mé a shléibhte agus a oighreacht na bhfásach do dhragunuibh a nfásaigh.
4
An tionad a nabair Edom, Do bochtuigheadh sinn, acht fillfiom agus cuirfiom na háite fáis súas; is marso a deir TIGHEARNA na slógh, Cuirfid síad súas, acht teilgfidh misi síos; agus goirfid siad díobh, Teórann na hurchóide, agus, Na daóine a naghaidh a bhfuil dioghaltas an TIGHEARNA a comhnuighe.
5
Agus do chífid bhur súile, agus a déarthaói; Mórochthar an TIGHEARNA ó theóruinn Israel.
6
¶ Onóruigh mac a athair, agus onór uigh serbhíseach a mhaighistir: maiseadh más athair misi, caidhe monóir? agus mas maighistir mé, caidhe meagla? a deir TIGHEARNA na slógh ribhsi, a shagarta, dhímeasas mainm. Agus a dearthaói, Cred ionar dhísbeagamairne hainm?
7
Iodhbarthaói arán trúaillighthe air maltóir; agus a dearthaói, Cred ionar thrúailleamar thú? ann so go nabartháoi, Is tarcuisneach bórd an TIGHEARNA.
8
Agus má otralthaói an ní dall mar íodhbairt, a né nach olc sin? agus má ofraltháoi ní bacach no easlán, a né nach olc sin? ofrál a nois é dot uáchtarán; an mbiáidh sé réidh riot, nó an nglacfa sé do phearsa? a deir TIGHEARNA na slógh.
9
Anois, íarruim dathchuinge oruibh, guidhidh Día íondus go mbía sé grásamhuil dúinn: is dá bhur ttáoibhsi thainicso: an mbiáidh suim aige ann bhur bpearsannuibh? a deir TIGHEARNA na slógh.
10
Cia atá bhur measc do dhruidfeadh na doirsi? agus nach lastaói teine air maltóirse gan adhbhar. Ní bhfuil taitneamh ar bioth agum ionnuibh, a deir TIGHEARNA na slógh, ní mó ghéabhus mé ofráil as bhur láimh.
11
Oír ó éirghe gréine eadhon go dul síos an céadna biáidh mainm mór a measc na Ngeinteadh; agus ofrálfuighear túis dom ainm ann gach uile áit, agus ofráil fhiórghlan: óir budh mór mainm a mease na ngeinteadh, a deir TIGHEARNA na slógh.
12
Acht do rinneabhairse truáillighthe é, a náit a nabarthaói, Is truáillighthe bórd an TIGHEARNA; agus a thoradh, eadhon is tarcuisneach, a bhiádh.
13
A dubhrabhair fós, Féuch, an sáothar! agus do shéideabhair uáibh é, a deir TIGHEARNA na slógh; agus thugabhair libh an ní do bhí réubtha, agus an teaslán, agus an bacach; marso thugabhair ofráil libh: an ngéabhuinnsi so as bhur lámbuibh? a deir an TIGHEARNA.
14
¶ Acht go madh malluigh bhías an mealltóir, agá bhfuil firionach iona thréud, agus mhóideas, agus íodhbras don TIGHEARNA ní truáillighthe: óir is Rígh mór misi, a deir TIGHEARNA na slógh, agus is báoghlach mainm a measc na ngeinteadh.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3
4
Recommended Reading
Commentary
Malachi Commentaries
→
Devotional
Malachi Devotional Guide
→
Get This Bible
Bedell Study Bible
→