bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Malachi 3
Malachi 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
1
Feuch, cuirfidh mé mo theachtaire, agus uillmheocha sé an tslighe romham: agus tiucfa an TIGHEARNA, noch íarthaói, go hobann da theampall, eadhon teachtaire an chunnartha, iona bhfuil bhur ndúil: féuch, tiucfa sé, a deir TIGHEARNA na slógh.
2
Acht cía fhéadas lá a theachta dfulang? agus cía sheasfas an tan thaisbeanfas sé é féin? óir is cosmhuil é re teine an cheárda, agus re sóp fhighealta éaduigh:
3
Agus suighfidh sé amhuil ceárd agus glantóir airgid: agus glanfa sé mic Lébhi, agus sciúrta sé íad amhuil agus airgiod, chor go nofráluid don TIGHEARNA ofráil a bhfíréantachd.
4
Annsin biáidh ofrala Iúdah agus Ierusalem taitneamhach aig an TIGHEARNA, mar annsna láethibh a nallód, agus amhuil annsna blíadhnuibh roimhe.
5
Agus tiucfa mé láimh ribh chum breitheamhnuis; agus biáidh mé am fhíadhnuisi luáth a naghaidh na bpiseógach, agus a naghaidh na nadhaltrannach, agus a naghaidh na néitheach, agus a naghaidh mhealltach na seirbhíseach iona dtúarusdal, na baintreabhthuighe, agus an dilleachda, agus iompoighios do leath taóibh an coimbthigheach agus nach eagluidhionn romhamsa, a deir TIGHEARNA na slógh.
6
Oír is misi an TIGHEARNA, ní áthruighim; uimesin a mhaca Iácob ní bhtuiltíse scriosta.
7
¶ Eadhon ó láethibh bhur naithreadh do imthigheabhair óm órduighthibhsi, agus níor chumhduigheabhair íad. Fillidhsi chugamsa, agus fillfidh misi chugaibhsi, a deir TIGHEARNA na slógh. Acht a dubhrabhairsi, Cred iona bhfillfiom?
8
¶ An sladfa duine Día? gidheadh do shladabhairsi misi. Acht a deartháoi, Cred ionar shladamar thú? A ndeachmhadhuibh agus a nofraluibh.
9
Atáthaói malluighthe le mallacht: óir do shladabhair misi, éadhon an cineadhso uile.
10
Tugaidh an deachmhadh uile go tigh a nionnmhuis, le mbí biádh ann mo thighse, agus dearbhuidh a nois le so mé, a deir TIGHEARNA na slógh, muna noscla mé fuinneóga neimhe dhíbh, agus beannughadh do dhórtughadh chugaibh amach, iondus nach bía áit go lór.
11
Agus imaithbheorad an millteach ar bhur sonsa, agus ni mhillfidh sé torrtha bhur ttalmhan; ní mó theilgfeas bhur bhfineamhain a toradh roimhe a nam san machaire, a deir TIGHEARNA na slógh.
12
Agus goirfid na huile chineadhacha beannuigh dhíbh: óir béithí bhur ttalamh thaitneamhach, a deir TIGHEARNA na slógh.
13
¶ Do bhádar bhur mbríathra borb am aghaidhse, a deir an TIGHEARNA. Gidheadh a dearthaóise, Cred do labhramar ad aghaidh?
14
A dubhrabhair, Is ní díomhaóin foghnamh do Dhía: agus cread a tharbha gur choimhéadamar a órdughadh, agus gur shiubhluigheamar go dóbhrónach a lathair THIGHEARNA na slógh?
15
Agus a nois goirmid sona don núaibhreach; aseadh, atá an lucht oibrighios urchóid ar na ccur súas; fós, atá an lucht chuirios cathughadh ar Dhia atáid cheana ar na saóradh.
16
¶ Annsin do labhair an drong do imeagluidh an TIGHEARNA gach áon diobh ré chéile go minic: agus déisd an TIGHEARNA, agus do chúaluidh, agus do bhí leabhar cuimhne scríobhtha iona fhíaghnuise don mhuinntir do imeagluigh an TIGHEARNA, agus do smúain air a ainm.
17
Agus budh liomsa íad, a deir TIGHEARNA na slógh, annsa ló a ndéana mé mo shéada súas; agus coigealuidh mé íad, mar choigleas duine a mhac féin noch fhoghnas dó.
18
Annsin iompochthaói, agus eidirdheileochthaói idir an bhfíréun agus an ciontach, idir an té fhoghnas do Dhía agus an té nach bhfoghnann dó.
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 4 →
All chapters:
1
2
3
4