bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Malachi 2
Malachi 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
1
AGUS anois, a shagarta, is díbhsi atá a náithnese.
2
Muna néistighe, agus muna ccurthaói ann bhur ccroidhe é, do thabhairt glóire dom ainmse, a deir TIGHEARNA na slógh, cuirfe misi go deimhin mallughadh oruibh, agus mailleocha mé bhur mbeannughadh: fós, do mhallnigh mé cheana íad, do bhrígh nach ccurthaoi ann bhur ccroidhe é.
3
Féuch, truaillfidh mé bhur síol, agus leathnocha mé aóileach air bhur naighthibh, eadhon aóileach bhur bhféustagh sollamonta; agus do bhéara sin leis sibh maille ris.
4
Agus aitheontaói gur chuir misi a náithnesi chugaibh, chor go mbíath mo chunnradh le Lébhi, a deir TIGHEARNA na slógh.
5
Do bhí mo chunnradh ris ar sháoghal agus air shíothchain; agus thug mé dhó iad ar son na beagla lé raibh eagla aige romham, agus do bhí eagla air roimhe mainm.
6
Do bhí dligheadh na fírinne iona bhéul, agus níor fríth éicceart iona phuisínibh: do shiubhuil sé liomsa a síothchain agus a cceart, agus dfill mórán leis ó eaicceart.
7
Oír do budh cóir do phuisínibh an tsagairt eólus do choimhéad, agus do budh coir dhoíbhsion dligheadh díarruigh as a bhéul: óir isé sin teachtaire THIGHEARNA na slógh.
8
Acht do chúabhairsi as an tslighe; thugabhair air mhórán tuisleadh ar an ndligheadh; do thruaileabhair cunnradh Lébhi, a deir TIGHEARNA na slógh.
9
Uime sin fós do rinne mé sibhsi tarcuisneach agus dímeasta as coinne a nuile phobal, do réir mar nár choimhéadabhair mo shlighthe, acht go rabhabhair leathrannach annsa dligheadh.
10
¶ Nach áonathair atá aguinn uile? nach aóin Día do chruthaigh sinn? cred fa ndéanmaóid go fealltach gach nduine a naghaidh a dhearbhrathar, ag truáilleadh cunnartha ar naithreadh?
11
Do rinne Iúdah go fealltach, agus do rinneadh gráineamhlacht ann Israel agus ann Ierusalem; óir do dhíomhaóinigh Iúdah náomhthacht an TIGHEARNA noch do ghrádhuigh sé, agus do phós sé inghean dé choimhthighidh.
12
Geárrfa an TIGHEARNA amach an duine do ní so, an maighistir agus an scoláir, amach as tabernacluibh Iácob, agus an té thairgios ofráil do THIGHEARNA na slógh.
13
¶ Agus do rinneabhair so a rís, ag folach altóra an TIGHEARNA lé deóruibh, lé gul, agus lé héighiomh árd, iondus nach bhfuil suim aige annsa nofráil ní as mó, nó a glacadh lé toil mhaith as bhur laimhsi.
14
Thairis sin a dearthaói, Cred uime? Do bhrígh go raibh an TIGHEARNA dfiadhnuisi eadrad agus bean hoíge, a naghaidh a ndéarna tusa go míochoinghiollach: gidheadh is isi do chompánach, agus bean do chunnartha.
15
Agus nach deárna seision áon? Gidheadh do bhí fuighioll don spiorad aige. Agus cred uime áon? As a níarrfadh sé síolta náomhtha. Uimesin tabhair aire dot spioraid, agus na déanadh duine ar bioth go fealtach a naghaidh mná a óige.
16
Oír a deir an TIGHEARNA, Dia Israel, gur fuáth leis cur air siubhál: óir foluighidh aon foireígion lé na éadach, a deir TIGHEARNA na slógh: uime sin tugaidh aire dá bhur spioraid, iondus nach déantaói go míochoinnghiollach.
17
¶ Do choireabhair an TIGHEARNA le bhur mbríathruibh. Thairis sin a dearthaói, Ciodh ié ar chuireamar é? an tan a dearthaói, A nuile dhuine da ndéan olc is maith é a radharc an TIGHEARNA, agus do bhí dúil aige ionta; nó, Cáit a bhfuil Dia an bhreitheamhnuis?
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 4
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3
4