bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Nahum 1
Nahum 1
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
1
Ualachi Ninebheh. Leabhar fise Nahum an Telcositeach.
2
Atá Día éudmhar, agus do ní an TIGHEARNA dioghaltas; atá an TIGHEARNA dioghaltach, agus fíochmhar; dó dhéanuigh an TIGHEARNA dioghaltas ar a naimhdibh, agus taiscidh sé géarsmacht dá easccáirdibh.
3
Atá TIGHEARNA mall chum feirge, agus mór a ccumhachdaibh, agus ní sháorfa sé ar aonchor an droch dhuine: atá a shlighe aig an TTIGHEARNA annsa ghaóith ghuáirdeáin agus annsa stoirim, agus a síad na néulla lúáithreadh a chos.
4
Imdheargaidh sé a nfairge, agus do ní tirim í, agus tiormuighidh sé súas na srotha uile: anbhfainnigh Básan, agus Carmel, agus críonuidh bláth Lebanon.
5
Creathuid na sléibhte roimhe, agus leaghaid na cnuic, agus loiscthear an talamh re na radharc, a seadh, an domhan, agus a nuile ní áitreabhus ann.
6
Cía fheadas seasamh as coinne a fheirge? agus cía fhéadas fuireach re buirbe a fheirge? do dóirteadh a dhíbhfhearg amach mar theine, agus do teilgiodh síos na cairge leis.
7
Is maith an TIGHEARNA, caisléan daingion a ló na buáidheartha; agus aithnigh sé an drong dhóthchusuighios ann.
8
Acht cuirfidh sé deireadh iomlan ré na áit le tuile rabhartha, agus leanfuidh dorchadus a naimhde.
9
Cred smuáintighidh a naghaidh an TIGHEARNA? do dhéanuidh sé críochnughadh iomlán: ní éireochuidh buáidhreadh súas an dara huáir.
10
Oír an feadh bhéid fillte air a chéile mar dhroinghne, agus an feadh bhéid ar meisce amhuil lucht meisce, loiscfighear íad amhuil connlach láinthirim.
11
Atá áon tháinic asad amach, smuáineas olc a naghaidh an TIGHEARNA, drochchomhairleach.
12
Is marso a deir an TIGHEARNA; Má tá go bhfuilid suáimhneach, agus fós iomadamhuil, gidheadh is marso chuirfighear síos íad, an tan rachus sé thríd. Mátá gur phían mé thú, ní phíanfa mé thú ní sa mbó.
13
Oír anois brisfidh mé a chuing dhíot, agus brisfime do chuibhreach ó chéile.
14
Agus thug an TIGHEARNA fúagra dot thaóibh, chor nach síolcuirfidh ní is mó dot ainm: geárria mé amach as tigh do dhée an niomháigh ghreanta agus an níomháigh leaghtha: do dhéana me huáig; óir atá tú beagluáigh.
15
Feuch air na sléibhtibh cosa an té do bheir nuáidheachta maithe leis, fhuagras síodhcháin! a Iúdah, coimbéad do fhéastadha sollamonta, comhaill do mhóide: óir ní ghéabhuidh an drochdhuine ní sa mó thríod; do gearradh amach go hiomlan é.
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 2 →
All chapters:
1
2
3