bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Nahum 3
Nahum 3
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
1
Amhairg don chathruigh fhuiltigh! atá sí uile lán do bhréagaibh agus do shladmhóireacht; ní scuirionn an tinchreachadh;
2
Torann scíursa, agus fúaim thormain na rothadh, agus iomrúagadh na neach, agus na ccarbad ttuslógach.
3
Tógbhuidh an marcach súas aráon an cloidheamh loinnreach agus an gath tonnach, agus atá iomad do dhaóinibh marbha, agus úibhir mhór chorp; agus ní bhfuil críoch air a ttaisighibh; tuislíghid air a ccorpuibh:
4
Do bhrígh iomuid stríopachuis na meirdrigh sciamhuigh, mhaighistréas na bpiséog, reacus cineadhacha tre na stríopachasuibh, agus muinnteara tré na piséogaibh.
5
Féuch, atáim ad aghaidh, a deir TIGHEARNA na slógh; agus léigfidh mé do sciortadha leis as coinne haighthe, agus táisbeanfa mé do thruáilleadh do na críochaibh, agus do náire do na rioghachtaibh.
6
Agus teilgfidh mé salchar adhfhuathmhar ort, agus do dhéana mé beagluáigh thú, agus suidheocha mé thú amhuil baldluthfheachuin.
7
Agus tiucfuidh a ccrích, an mhéid fhéuchfas oit go tteithfid síad romhad, agus go naibeoruid, Do leagadh Ninebheh na fásach: cía chaóinfios í? cía as a níarrfa misi cobharthuigh dhuit?
8
An féarr thusa ná Nó daoineach, noch do suigheadh a measg na srothann, agá raibh na huisceadha na timchioll fa ccuáirt, ar bhí a nfairge a cothughadh, agus do bhí a balla ón bhfairge?
9
Budh í a neartsin a Netíopia agus a Négipt, agus do budh neamhchuimseach sin; budh íad do chobharthaigh Put agus Lubim.
10
Thairis so rugadh ar siubhal í, do chuáidh sí a mbraighdionas: do rinneadh fós sligreach da cloinn óig a mullach na sráideann uile: agus do theilgiodar cranchar air a daóinibh onóracha, agus do ceangladh a daoine móra uile a ngéibhionuibh.
11
Biaidh tusa fós ar meisce: foileochthar thú, íarrfa tú mar an ccéadna neart do bhrígh na námhad.
12
Biáidh huile dhaingneacha láidre amhuil crainn fíge leis na céidfhígibh abuidh: má croiththear íad, tuitid síad eadhon a mbéul an té itheas.
13
Féuch, is mná do dhaóine ann do lár: oisceoltar súas geatadha do thíre dod naimhdibh: sluigfidh an teine do bharradha.
14
Tarruing na huisceadha chum an champa, neartuigh do dhaingne láidre: éirigh annsa chriáidh, agus saltair an mortéul, déana áit mbriceadh láidir.
15
Annsin sluigfidh an teine thú; géarrfuidh an cloidheamh amach thú, íosuidh sé súas thú mar an phéist chancair: déana dhuit féin mórán mar an phéist chancair, déana dhuit mórán mar na lócustaibh.
16
Dfoirlion tú do channuighthe ós cionn réaltann neimhe: millidh an phéist chancair, agus teithigh sí roimpe.
17
Atáid do choróntaigh mar na lócuiste, agus do chaiptinighe mar na dreóllánuibh teasbhuidh móra, noch chomhnuighios annsna faltáibh annsa lá fhúar; acht an tan éirghios an ghrían teithid síad rompa, agus ní haithnighthear a naít a mbíd.
18
Néullfartaighid háodhaireadha, a rígh na Hassíria: béid húaisle na ttochd: do scabadh do dhaóine air na sléibhtibh, agus ní chruinnighionn duine ar bioth íad.
19
Ní bhfuil leighios ar do lot; is nimhneach do chneadh: buáilfidh gach uile dhuine chluinfios do thásg a mbasa ós do chionn: óir cía air nar shiubhuil holc do ghnáth?
← Chapter 2
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
All chapters:
1
2
3