bible
ra
🌐 Language
English
Español
Français
Deutsch
Português
Italiano
Nederlands
Русский
中文
日本語
한국어
العربية
Türkçe
Tiếng Việt
ไทย
Indonesia
All Languages
Home
/
Irish
/
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
/
Nahum 2
Nahum 2
Irish 1817 (An Bíobla Naomhtha 1817 (Bedell))
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
1
An té bhrisios a mblodhuibh tháinic sé as coinne haighthe: taisgidh an daingion, coimhéad an tslighe, déana do leasrach láidir, neartuigh do chumhachda go láidir.
2
Oír do chuir an TIGHEARNA oirdhearcus Iácob ar ccúl, mar oirdhearcus Israel: óir do fholmhuigheadar lucht a nfolmhuighthe íad amach, agus do mhilleadar a mbeangáin fíneamhna.
3
Do rinneadh scíath a dháoineadh neartmhara dearg, atáid na fír chúrata a scairléad daite: biáid na carbuid maille ré tóirsighibh lasamhla a ló a ullmhuighthe, agus béid na crainn ghiumhuis ar crioth go húathbhásach.
4
Béid na carbuid ar buile annsna sraidibh, gleicfidh gach díobh ré ar oile annsna slighthibh leathna: taisbeanfuid amhuil tóirsibh, riothfuid cosmhuil ré teine.
5
Aithmheasfuidh sé a dhaóine onóracha: do gheabhuid síad tuisleadh iona siubhal; do dhéanuid deithnios chum a bhallasin, agus gléasfuighear a dhaingean.
6
Oisceoltar geatadha na srothann, agus scaóilfighear an pálás.
7
Agus béarthar Husab ar siubhal a láimh, do bhéarthar súas í, agus tréorochuid a cailínigh í amhuil budh le gúth colum, ag búaladh a nochta.
8
Acht atá Ninebheh ó nallód cosmhuil ré lóchán uisce: gidheadh teithfid rompa. Seas, seas, éighfid síad; acht ni fhéuchfuidh éanduine ná dhiáigh.
9
Glacaidh sibhsi a néadáil airgid, glacaidh a néadáil óir: óir ní bhfuil críoch air an stór agus glóir amach as an ttrealamh mbreádha.
10
Atá sí folamh, agus fáon, agus na fásach: agus leaghoidh an croidhe, agus buailid na glúine a chéile, agus atá iomad péine ann a nuile leasrachuibh, agus cruinnighidh a naighthe uile duibhe.
11
Cáit a bhfuil comhnuighe na leomhan, agus ionad beatha na leomhan óg, mar a siubhluighionn leomhan, eadhon an seinleomhan, agus cuiléin na leomhan, agus ní chuirionn duine ar bioth eagla orra?
12
Dfúaduigh an leomhan go lór da chuiléanuibh, agus do theachd sé dá leomhanuibh buinionna, agus do líon sé a úamha lé creich, agus a phruchlais lé fúadach.
13
Féuch, atáimsi ad aghaidh, a deir TIGHEARNA na slógh, agus loiscfídh mé a carbuid a ndeatach, agus sluigfidh an cloidheamh a leomhuin óga: agus géarrfa mé do chreach ón ttalamh, agus ní cluinfighear guth do theachtadh ní is mó.
← Chapter 1
Jump to:
Chapter 1
Chapter 2
Chapter 3
Chapter 3 →
All chapters:
1
2
3